Teangacha Cóíseacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá na teangacha Cóíseacha mar chuid den fhine is lú de theangacha na hAfraice. Sa lá atá inniu ann, labhraítear iad ag muintear an Fhásaigh Kalahari in iardhesceart na hAfraice, agus in áit bheag i Tanzania. An t-aon teanga Chóíseach a aimsítear go forleathan ná Nama, a labhrann 250,000 duine í; is í Sandawe an dara teanga, le 40,000. Tá an-chuid de na teangacha ag fáil báis. Níl taifead scríofa ag an chuid is mó díobh. Aicmítear Hadza agus Sandawe ó Tanzania mar theangacha Cóíseacha; ach mar thangacha, tá an-difir idir na craobhacha go léir. Tá roinnt teangeolaithe den tuairim gur hipitéis é an fíleam Cóíseach nach bhfuil cruthaithe go fóill.
Tá clú ag na teangacha Cóíseacha mar go n-úsáidtear cliceanna mar fhóinéim iontú. Ag Ju/'hoan, tá thart ar 30 clic-chonsan agus 90 fóinéim, ina measc gutaí faraingthe, gutaí láidir agus 4 thon. Tá na teangacha !Xóõ agus ‡Hõã coimpléascach mar seo freisin.
Ní húsáideann ach fíor-bheagán teangacha cliceanna mar fhóinéimí: na teangacha Bantu i ndeisceart na hAfraice, mar shampla Xhosa, Súlúis agus Sesotho; an teanga Chuisiteach Dahalo sa Chéinia; agus teanga searmanais marbh ón Astráil darbh ainm Damin. Is í Damin an t-aon teanga ar domhain a n-úsáidtear clic-chonsain inti nach bhfuil san Afraic. Ceaptar gur thóg na teangacha eile seo úsáid cliceanna óna gcomharsanna Khoisan.
Go ginearálta, is teangacha aonraíocha iad na teangacha Cóíseacha. Cuirtear le deireadh focail chun feidhmeanna gramadaigh a sloinneadh, ach don chuid is mó úsáidtear ord focail níos mó ná cuir le focail.
[athraigh] Nascanna Seachtracha
Crann fhine na dteangacha Cóíseacha Teangeolaíocht Khoisan ag Ollscoil Cornell