Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Sorastrachas - Vicipéid

Sorastrachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'é an Sorastrachas reiligiún oifigiúil na Peirse seanársaí. (Leaganacha Gaeilge eile iad an Soróastrachas, nó an Zoróstrachas. Úsáidtear an dara téarma sa leabhar úd Ciste Cúrsaí Reatha.) Creidtear gurb é an creideamh is sine sa domhan atá bunaithe ar phrionsabal an aondiachais. Fuair an creideamh a ainm óna fháidh Sorastar nó Zoróstar (Zarathushtra, nó Zoroaster as Gréigis). Creidtear gur mhair Sorastar am éigin idir na blianta 1500 agus 1250 roimh bhreith Chríost, agus gurbh eisean a scríobh na Gataí, arb iad an chuid is sine den Aivéasta, leabhar naofa an tSorastrachais.

[athraigh] Altanna Creidimh an tSorastrachais

Is deacair a rá, an creideamh aondiachais é an Sorastrachas mar a thuigimid féin an coincheap. Cuireann an reiligiún an-bhéim ar an déachas, is é sin, ar an ollchruinne mar mhachaire áir na Maithe is an Oilc, agus iad ar aon chumhacht le chéile. Adhraíonn na Sorastraithe Dia nó Ahura Mazda (Ormuzd i Nua-Pheirsis), ach, thairis sin, glacann siad leis go bhfuil an dea-chumhacht chruthaitheach nó Spenta Mainyu agus an droch-chumhacht dhíothaitheach nó Angra Mainyu ag síor-choraíocht le chéile.

[athraigh] Meath an tSorastrachais

Bhí an creideamh láidir sa Mheán-Oirthear sna Seanaoiseanna, sular ghéill an creideamh don Ioslam agus don Chríostaíocht. Is é an tIoslam príomhchreideamh na hIaráine inniu, agus chuir an creideamh Críostaí ruaigeadh iomlán ar an Sorastrachas as an Airméin fadó, cé go raibh sé an-choitianta sa tír sin roimh theacht na Críostaíochta. Ceaptar nach bhfuil ach céad míle, nó dhá chéad míle, duine fágtha ar fud an domhain ar Sorastraithe iad.

[athraigh] Staid an tSorastrachais inniu

Tá pobail Sorastracha ar fáil san India agus sa Phacastáin, chomh maith le seantír dhúchais an chreidimh, an Iaráin. Na Sorastraithe a bhfuil baint acu leis an India nó leis an bPacastáin, tugtar Parsi nó "Parsaigh" orthu go háitiúil, focal a thagraíonn don Pheirs, is é sin, don Iaráin. Is amhlaidh go ndeachaigh sinsir na bParsach ar imirce ón Iaráin, le teacht slán ón ngéarleanúint a bhí na Muslamaigh a dhéanamh orthu sa tír sin. Sa bhliain 2001, bhí seachtó míle Parsach, a bheag nó a mhór, ina gcónaí san India. An uair dheireanach ar comhaireadh Sorastraithe na hIaráine, go gairid roimh réabhlóid Ioslamach na bliana 1979, bhí fiche míle duine acu ann, de réir an daonáirimh. Is iomaí Sorastraí, ar ndóigh, a shocraigh síos sna tíortha Angla-Mheiriceánacha ina dhiaidh sin. Glactar leis go bhfuil fiche míle Sorastraí i Meiriceá Thuaidh inniu.




Vicipéid
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com