Séamas Ó hArgadáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Séamas Ó hArgadáin (Béarla: James Hardiman) timpeall na bliana 1782 i gContae Mhaigh Eo, áit a raibh eastát beag ag a athair. Fuair sé oiliúint an dlíodóra, agus chuaigh sé ag obair i gCaisleán Átha Cliath mar fhochoimisinéir ar na taifid phoiblí. Bhí sé ina bhall ghníomhach d'Acadamh Ríoga na hÉireann, agus rinne sé cion fir ag cur cheol traidisiúnta na hÉireann i míotar agus i dtaisce le haghaidh na nglúnta a tháinig ina dhiaidh. Sa bhliain 1855, bunaíodh Coláiste na Ríona i gCathair na Gaillimhe - inniu, Coláiste Ollscoile na Gaillimhe - agus eisean ar an chéad leabharlannaí ansin. "Leabharlann James Hardiman" atá ar an leabharlann inniu féin, i ndilchuimhne ar an Argadánach.
B'í Stair Chathair agus Chontae na Gaillimhe, a d'eisigh sé sa bhliain 1830, ba mhó a thuill clú don Argadánach. Tá an leabhar ar fáil anseo ar an Idirlíon.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.