Kristján Eldjárn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tríú uachtarán na hÍoslainne ab ea é Kristján Eldjárn (6 Nollaig, 1916 - 14 Meán Fómhair, 1982). Rinne sé staidéar san Ollscoil Cóbanhávan, agus Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sé céim seandálaíocht amach i 1957, agus bhí sé ina stiúrthóir leis an Músaem Náisiúnta na hÍoslainne idir 1947 agus 1968. Fuair sé post leis an stáisiún teilifís nua RÚV idir 1966 agus 1968, ag cur i láthair cláir oideachais.
Toghadh Eldjárn ina uachtarán i 1968, agus bhuaigh sé na toghcháin i 1972 agus 1976 chomh maith. Níor ghlac sé páirt sa toghchán i 1980, agus chaith sé a bhliana fágtha ag staidéar arís. Cailleadh é i 1982.
Scríbhneoir rathúil is é a mhac Þórarinn Eldjárn.
Uachtaráin na hÍoslainne |
---|
Sveinn Björnsson | Ásgeir Ásgeirsson | Kristján Eldjárn | Vigdís Finnbogadóttir | Ólafur Ragnar Grímsson |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.