Kemal Atatürk
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é Gazi Mustafa Kemal Atatürk (1881-1938) a bhunaigh poblacht nua-aoiseach na Tuirce. Fuair sé oiliúint an tsaighdiúra is an oifigigh, agus throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda in aghaidh na Sasanach. Nuair a thit an tóin as an nGearmáin i ndeireadh an chogaidh, fuair sé a sheans agus chuaigh sé i gceannas ar arm mór in oirthear na Tuirce. Chuir sé cogadh ar na Sasanaigh, na Francaigh, na Gréagaigh agus na hIodálaigh, agus d'éirigh leis sa deireadh díormaí armtha na gcumhachtaí coimhthíocha a ruaigeadh as an tír. Ansin, rinne sé poblacht den Tuirc. B'iad an náisiúnachas agus an tsaoltacht na clocha ba mhó ar a phaidrín, agus chuir sé in aghaidh na gcléireach Muslamach le lámh láidir chun an tsaoltacht a thabhairt isteach sa tír agus an tIoslam a dhíbirt as an bpolaitíocht. Bhain sé na fiala de na mná agus choisc sé ar na fir féin culaith thraidisiúnta na tíre a chaitheamh. Theastaigh uaidh cuma an Iarthair a chur ar an Tuirc ar fad.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.