Glúin na Buaidhe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna 1940í in Éirinn a bhí i nGlúin na Buaidhe (sin leagan Ultach de Ghlúin an Bhua, mar a scríobhfaí sa Chaighdeán é). B'iad Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha príomhfheidhmeannaigh na heagraíochta. Bhí baint ag Annraoi Ó Liatháin leis an eagraíocht freisin, agus scríobhadh Ciarán Ó Nualláin - deartháir Flann O'Brien - colúin ar iris na Glúine. Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge - Craobh na hAiséirí - a bhí ann ar dtús, ach ó theastaigh ón gCuinneagánach clár oibre polaitíochta a chur chun cinn, fuair sé dealú ón gConradh.
Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. B'é an radacachas sainiúil Éireannach é ina n-aontaítear an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge: ar obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd Inniu, chomh maith leis an teach foilsitheoireachta Foilseacháin Náisiúnta Teoranta (FNT).
Cibé scéal é, ní raibh fad saoil i ndán do Ghlúin na Buaidhe féin. An chuid ba mhó den bhallra, d'fhill siad go ciúin ar an gConradh cupla bliain i ndiaidh na scarúna. B'é meon deachtóra an Chuinneagánaigh a chaill an Ghlúin, mar eagraíocht. Fear fuinniúil a bhí ann a rinne cuid mhaith ar son na teanga a fhad is a bhí srianta leis, ach nuair a bhí sé i gceannas ar a eagraíocht féin, chuaigh sé thar fóir.