Drámaíocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cur i láthair obair liteartha in amharclann nó spás poiblí eile atá sa drámaíocht. Tá sí ar cheann de na foirme is ársa sa litríocht. Chuireadh Eoiripidéas, Sofaicléas agus na drámadóirí Gréagacha eile drámaí os comhair an phobail na mílte blian ó shoin.
Ar William Shakespeare a chuimhníonn go leor nuair a luaitear an drámaíocht. Cé gur mhair sé sa 16ú haois, cuirtear a chuid dhrámaí i láthair go rialta fós ar fud an domhain.