An Cladach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is ceantar i gcathair na Gaillimhe é an Cladach. Nuair ba chathair le ballaí i seilbh Gallda í Gaillimh sna meánaoiseanna, ba é an Cladach an baile iascaireachta Gaelach thiar uaidh. Bhíodh rí ar an gCladach, a toghtaí imeasc na ndaoine, agus dheineadh sé breithiúnas ar chásanna idir na daoine. Sa Chladach, freisin, a thosaigh nós fáinne an Chladaigh, a d'iompraíodh mná i mbealaí éagsúla, ag brath ar a stádas cleamhnais.
Tithe beaga bídeacha a bhí ar an gCladach go dtí na 1930í, nuair a daoradh iad mar chontúirt sláinte, agus nuair a cuireadh eastát tithíochta ar bun dosna daoine a cuireadh as seilbh a seantithe. Tá cuid den muintir céanna fós sa Chladach, agus tá roinnt báid iascaireacha agus pleisiúir ar an duga.
Tá cumann sacair sa Chladach inniu, agus séipéal agus mainistir Doiminiceánach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.