The Wind That Shakes the Barley
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is scannán de chuid an stiúrthóra Sasanaigh Ken Loach é The Wind that shakes the Barley. Is tagairt do amhrán a chastar ag tús an scannáin é teideal an tsaothair seo, a scríobh Robert Dwyer Joyce sa 19ú haois. Insítear scéal bheirt dheartháir i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn, duine amháin acu, Damien, ina ábhar dochtúra ar tí Corcaigh a fhágáil le dul go Londain agus an duine eile, Teddy, ina bhall den IRA áitiúil. Leiríonn an scannán an scoilt a tharla idir na deartháireacha le briseadh amach Chogadh Cathartha na hÉireann. Rinneadh an scannán i mbailte éagsúla i gContae Chorcaí i 2005. Bhuaigh Loach an Palme d'Or don scannán ag Féile Scannánaíochta Cannes i 2006.