Stranger Than Paradise
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scannán is ea é Stranger Than Paradise a scríobhadh agus a stiúradh ag Jim Jarmusch. Scaoileadh é i 1984. Scannán dubh agus bán a bhí ann. Thosaigh sé mar ghearrscannán tríocha nóiméad faoin teideal Stranger Than Paradise (The New World) i 1982. Bhí ról ag beanchéile Jim Jarmusch, Sara Driver, sa scannán seo. Feictear í ag deireadh an scannáin le hata uirthi ag feitheamh ar an airgead.
Clár ábhair |
[athraigh] Ceol
An príomh-aisteoir John Lurie a rinne an ceol don scannán, ach amháin an t-amhrán I Put a Spell on You le Screamin' Jay Hawkins, a chloistear go minic sa scannán. D'eisigh Enigma an t-albam Stranger Than Paradise/The Resurrection of Albert Ayler sa bhliain 1999.
[athraigh] Teidil Chreidiúna
Stiúrthóir Griangrafadóireachta – Tom Di Cillo
Eagarthóir – Jim Jarmusch agus Melody London
Léiritheoir Feidhmiúcháin – Otto Grokenberger
Léiritheoir – Sara Driver
Scríbhneoir – Jim Jarmusch
Stiúrthóir – Jim Jarmusch
[athraigh] Aisteoirí
John Lurie - Willie.
Eszter Balint - Eva.
Richard Edson - Eddie.