Sinéad de Valera
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba í Sinéad de Valera (3 Meitheamh, 1878 - 7 Eanáir, 1975), nó Sinéad Ní Fhlannagáin, bean chéile Eamon de Valera, taoiseach, uachtarán agus réabhlóidí Éireannach. Tugtar an t-ainm Sinéad Bean de Valera di freisin go minic.
[athraigh] Saol
Rugadh í leis an ainm Jane nó Janice Flanagan i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath i 1878 (d'athraigh sí a hainm baiste níos déanaí). Bhí sí ina múinteoir i mbunscoil ar Sráid Dorset, i lár na cathrach. In a ham saor, mhúin sí an teanga Gaeilge leis an ghrúpa Conradh na Gaeilge. I measc na ndaltaí ab ea múinteoir eile, Eamon de Valera, a bhí ag múineadh matamaitic. Pósadh iad le chéile ar 8 Eanáir 1910, cé go raibh Sinéad ceithre bliana níos sine. Rugadh seachtar páistí acu, cúigear buachaillí agus beirt cailíní. Bhí cáil agus cumhacht ag a fear chéile níos déanaí, ach bhí Sinéad sásta fanacht amach as an saol polaitiúil. Scríobh sí scéalta do dhaoine óga, as Gaeilge agus as Béarla.
[athraigh] Bás
Fuair Sinéad de Valera bás ar 7 Eanáir 1975 ag 96 bliaina d'aois, a lá roimh cothrom an lae a pósadh. Fuair Eamon bás ocht míonna níos déanaí. Cuireadh iad le chéile i Reilig Glas Naíon i mBaile Átha Cliath.