Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beidh an Séasúr Foirmle a hAon 2007 mar an ochtú craobh is caoga, agus beidh sé mar an ceann deirineach faoin Comhaontú Concorde is déanaí. Faoi láthair, tá cainteanna ag tarlú ar an seans go síneófar Comhaontú Concorde nua, ceann a mairfidh ó 2008 go 2012. Meastar go mbeidh 19 rás i gceist, le Grand Prix na Beilge ag fileadh taréis bheith curtha ar leath taoibh do 2006.
- I 2007, imeoidh Michelin mar soláthreoir boinn, ag fágaint Bridgestone chun an spórt ar fad a sholáthrú.
- Athróidh ainm oifigiúil McLaren go Vodafone McLaren Mercedes do 2007, taréis dóibh uríocht a fháil ón comhlacht ag deireadh 2005.
- Stopfaidh an cumhlacht Seapánach tobac Mild Seven ag déanamh uraíocht ar Renault toisc na dlithe nua Aonsas Eorpaigh atá taréis teach isteach.
- Stopfaidh Lucky Strike ag déanamh urraíocht ar Honda, ag fágaint Honda ag lorg príomh-urraitheoir.
- Tá ráflaí ann faoi láthair go bhfuil seans ann go bhfágfaidh Montoya agus Raikkonen McLaren. Dúirt Montoya le déanaí go bhfuil sé oscailte le cainteanna a bheith aige le grúpaí eile, agus le fada an lá, tá nasc taréis a bheith ann idir Ferrari agus Raikkonen.
- Ceaptar go mbeidh Heikki Kovalainen mar tiománaí do Renault, taobh le ceachtar do Giancarlo Fisichella nó Mark Webber. Ach, ceaptar go dteastaíonn ó Webber fanacht at Williams. Má theastaíonn, fágfaidh sé sin seans mór ag Fisichella chun suíochán ag an bhfoireann a bhuachaint. Má fanann Webber ag Williams, fágfaidh sé sin Alexander Wurz as suíochán ann, rud a bhí sé ag siúil leis nuair a shíneáil sé leo mar triú-thiománaí.
- Deirtear go geobhfaidh Anthony Davidson suíochán ag Super Aguri, ag tógaint áit Yuji Ide.
- Tá seans ann go bhfágfaidh BMW Sauber Jacques Villeneuve ar leath taobh, ag cur Robert Kubica ina áit.
- Tá iar-phríomhfhoireann Jordan, Eddie Jordan taréis labhairt amach ag rá go bhfuil seans ann go tosnóidh Michael Schumacher a fhoireann féin le Ross Brawn. Níl Schumacher taréis a conradh ag Ferrari a athnuachain, agus deirtear go dteastaíonn uaidh foireann a thosnú. Dúirt Jordan le iris F1 Racing go gceapann sé go ceannóidh sé feidhmiú Renault, toisc go dteastaíonn uathu tarraingt amach as F1.
- Ceaptar go stopfaidh Williams ag tógaint inneall ó Cosworth, agus go mbogfaidh siad to cumhacht Toyota, ach iad a bheith ath-ainmnithe mar Lexus. Toisc seo, stopfaidh Toyota ag soláthar inneall do MidlandF1.