Ros Goill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ar leithinis i dTuaisceart Contae Dhún na nGall, idir an Mhaoil Rua agus Cuan na gCaorach atá Paróiste Ros Goill. Tá tuairim is dhá mhíle duine ann. Tá Gaeilge á labhairt i dtuaisceart an pharóiste go fóill (An tÍochtar) ach tá sí ag dul i léig le fada an lá. Níl mórán Gaeilge fágtha i ndeisceart na paróiste (An tUachtar).
Tá Coláiste Gaeilge ann (sa bhliain 1952 a d'oscail Éamonn de Valera é) agus bíonn scoláirí - go háirithe as Tuaisceart Éireann - ag freastáil ar chúrsaí Gaeilge ansin i rith an tsamhraidh.
[athraigh] Canúint na hÁite
Rinne Léaslaoi Lúcás taighde ar an gcanúint Gaeilge a labhraítear san áit. Tá Ros Goill ar an mbeagán áiteanna in Éirinn ina gcloistear an mhír bhriathartha cha, chan, char in áit ní, níor inniu, cosúil le Gaeilge na hAlban. Baintear úsáid as é, í, iad in áit sé, sí, siad an Chaighdeáin, agus de réir sheanúsáid Ghaeilge Uladh, deirtear "a dhéanamh" in áit "é a dhéanamh": chan a ghoid a rinn é = "ní é a ghoid a rinne sé", a deirtear i nGaeilge Ros Goill. (Is é is brí leis an méid seo ná "is dual dó é".)