Plé:Peig Sayers
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úadar Éireannach a bhí Peig Sayers (1873 - 1958).
Tháinig Peig Sayers ar an saol i Dún Chaoin, baile beag i gContae Ciarraí, Éire. Phós sí Pádraig Ó Gaoithín ón Blascaod Mór, agus bhog sí ansin leis. Bhí sí neamhliteartha, ach seanchaí den scoth ab ea í agus dheachtaigh sí a scéal do Sheosamh Ó Dálaigh ó Choimisiun Bealoideasa Eireann. Tá cáil uirthi de bharr a dírbheathaisnéis, Peig. Dheachtaigh sí é ag a mac, Micheál agus foilsíodh é sa bhlian 1936. Tá an leabhar ar bharr a theanga ag gach duine a thóg scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta.
Bhí Peig Sayers in a conaí ar an oileán go dtí 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go dtí ospidéal an Daingin. Fuair sí bás ansin i 1958 agus tá sí curtha i reilig Dún Chaoin.