Opera
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saghas ceoldráma atá in opera a chuirtear i láthair an phobail. Is gnáthach féitheanna agus sonraí áirithe a bheith in opera. M.sh., bíonn réamhcheoil agus ceol idir chanadh ann, bíonn canadh amhrán aonair, beirte agus grúpa ann, agus bíonn cur i láthair i bhfoirm dráma, go minic le feistis an-ghalánta agus cúlra an-mhaisithe.
Sa lá atá inniu ann, bíonn órcastair suite faoi bhun an stáitse de gnáth, agus bíonn innealra agus iliomad cuiditheoirí agus teicneolaithe fostaithe chun cúlraí agus feistis eile a ullmhú, agus ina dhiaidh sin iad a chur in áit le linn an taispeántais. Chomh maith leis sin bíonn gá le teicneolaithe solais, maisitheoirí aghaidh agus gruaige, teicneolaithe fuaim, agus lucht stiúrtha na néisteoirí, lucht díolta leabhrán, lucht díolta ticéid, agus lucht ullmhúcháin agus dáileadh bídh agus dí. Níl opera i mórán cathair mór, agus go minic is gá cuidiú ó rialtais chun opera a chur ar bun agus a dhaingeanú i mbaile.
[athraigh] Comhlachtaí Opera
Imeasc mórchomhlachtaí opera an domhain, tá an Opera Meitreapólach agus Opera Cathartha Nua-Eabhraic i Nua-Eabhrac, an Liceu i mBarcelona, Opera Náisiúnta Shasana i Londain, an Mariinsky i Moscú, an Opéra Nationale i bPáras, an Suomen Kansaalisooppera i Heilsincí, an Deutsche Oper agus an Staatsoper i mBerlin, agus Opera Náisiúnta na Breataine Bige i gCaerdíd.
In Éirinn, tá Teach Opera i gCorcaigh, ach ní h-eol cathain a bhí opera ann. Tá feis opera clúitiúil 'chuile bhliain i Loch Garman, ar é a aidhm saothair atá beagnach ligthe i ndearmad a thabhairt chun cinn arís.
Liosta de phríomh thithe opera an domhain
[athraigh] Cumadóirí opera
Imeasc na gcumadóirí móra opera tá:
- John Adams
- Vincenzo Bellini
- Alban Berg
- Hector Berlioz
- Georges Bizet
- Benjamin Britten
- Gustave Charpentier
- Claude Debussy
- Gaetano Donizetti
- Philip Glass
- Christoph Willibald Gluck
- Charles Gounod
- George Frideric Handel
- Joseph Haydn
- Leos Janacek
- Ruggiero Leoncavallo
- Jean-Baptiste Lully
- Pietro Mascagni
- Jules Massenet
- Giacomo Meyerbeer
- Modest Mussorgsky
- Claudio Monteverdi
- Wolfgang Amadeus Mozart
- Jacques Offenbach
- Francis Poulenc
- Giacomo Puccini
- Henry Purcell
- Jean-Philippe Rameau
- Steve Reich
- Nikolai Rimsky-Korsakov
- Gioacchino Rossini
- Camille Saint-Saens
- Richard Strauss
- Igor Stravinsky
- Pyotr Ilyich Tchaikovsky
- Giuseppe Verdi
- Richard Wagner
- Carl Maria von Weber
- Kurt Weill