Máire Mhic Róibín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
||
Ord: | 7ú Uachtarán | |
I bhfeidhmeannas: | 3 Nollaig 1990 – 12 Meán Fómhair 1997 | |
Uimhir tréimhsí: | 1 | |
Réamhtheachtaí: | Pádraig Ó hIrighile | |
Comharba: | Máire Mhic Ghiolla Íosa | |
Dáta breithe: | 21 Bealtaine 1944 | |
Áit bhreithe: | Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo | |
Céile: | Nick Robinson | |
Gairm: | Abhcóide, Seanadóir | |
Ainmnithe ag: | Lucht Oibre | |
Iarrthóirí eile: | 1990 Fine Gael: ::Austin Currie Fianna Fáil: ::Brian Lenihan |
Ba í Máire Treasa Úna Mhic Róibín (21 Bealtaine 1944 a rugadh í) seachtú hUachtarán na hÉireann, i bpost ó 1990 go 1997, agus an chéad bhean leis an post sin. Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine ab ea inti ó 1997 go 2002. Tháinig si chun cinn mar iníon léinn, abhcóide, bean feachtais agus ball de Seanad Éireann (1969-1989).
Rugadh i 1944 í i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo. Rinne staidéar ar an Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ceapadh í na hOllamh Reid le Dlí i 1969. Cháiligh sí mar abhcóide sinsir i 1980. Chaith sí na blianta ina Seanadóir ar son Choláiste na Tríonóide agus toghadh í mar Uachtarán na hÉireann i 1990, an chead bhean a ghnóthaigh an gradam. D'éirigh sí as an bpost sin chun freastal ar na Náisiúin Aotaithe mar ArdChoimisinéir Chearta Daonna go dtí 2002.
Uachtaráin na hÉireann |
---|
Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.