Vicipéid:Lámhleabhar Stíle
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is grúpa treoirlínte é an Lámhleabhar Stíle seo. Úsáidtear iad chun stíl aonfhoirmeach a thabhairt don Vicipéid. Is minic atá roinnt modhanna ann chun rud éigin a scríobh, agus má roghnaítear modh ann mar chaighdeán beidh an Vicipéid níos fusa le léamh, le húsáid, le scríobh agus le hathrú. Ní gá go n-aontaíonn gach duine gur sin an stíl is fearr don scríbhneoireacht - ní deirtear é sin.
Cuirtear i gcuimhne do chomhoibrithe nua go bhfuil scríobhneoireacht soiléir faisnéiseach neamhchlaonta i bhfad níos tabhachtaí ná an cur i láthair agus an formáid. Ní iarrtar ar scríbhneoirí aon de na rialacha seo a leanúint: is é tairbhe na heagarthóireachta mearshuímh ná nach riachtanach é an foirfeacht. Tá Vicipéideoirí ann a oibríonn go háirithe ar stíl na Vicipéide, is le húsáid an leathanaigh seo déanfar leathanaigh don lámhleabhair seo. (Ní raibh sé soiléir)
Chun eolas a fháil maidir le conas an scríobhchód a úsáid, i bhfad níos mó ná cló trom nó cló iodálach, féach ar Conas a chuirtear leathanach in eagar. Tráchtann an t-alt seo le cathain a úsáidtear an scríobhchód, cé go taispeánann sé sna samplaí don chuid is mó.
Clár ábhair |
[athraigh] Tús an ailt
De ghnáth, scríobhtar teideal nó ábhar an leathanaigh le cló trom sa chéad líne; uaireanta, cuirtear cló iodálach air freisin. Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar stíle (teidil). Is féidir an teideal nó an ábhar chur sa chéad líne an abairte beagnach gach uair, ach níl ag roinnt ailt ach a ainmneacha.
- Is é Radio Telifís Éireann an státchraoltóir náisiúnta in Éirinn .
- Is é '''Radio Telifís Éireann''' an státchraoltóir náisiúnta in [[Éire|Éirinn]] .
- B'fhisiceoir Meiriceánach Albert Einstein (i 1879 a rugadh é, 1955 a fuair sé bás), a rugadh sa Ghearmáin.
- B'[[fisiceoir|fhisiceoir]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] '''Albert Einstein''' ([[1879]] a rugadh é, [[1955]] a fuair sé bás), a rugadh sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]].
Má tá níos mó ná ainm amháin ag ábhar an ailt, cuirtear cló trom ar gach cruth nua an ainm.
- Is saghas feithicle sráide é gluaisteán, nó carr.
-
- Is saghas [[Feithicil sráide|feithicle sráide]] é '''gluaisteán''', nó '''carr''', .
Is fearr an comhthéacs a sholéiriú sa chéad cúpla focal; mar shampla,
- Maidir leis an gceimic, is é an fhoirmle eimpíreach
- Maidir leis an g[[ceimic]], is é an '''fhoirmle eimpíreach'''
[athraigh] Beathaisnéisí
Chun eolas breise a fháil maidir le beathaisnéisí, féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Beathaisnéisí. Seo cúpla cás coitianta:.
- Carl Sandburg (6 Eanáir 1878 a rugadh é, 22 Iúil 1967 a fuair sé bás)
- Seamus Heaney (13 Aibreán 1939 a rugadh é)
[athraigh] Dátaí, uimhreacha, tomhais
Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Dátaí, uimhreacha, tomhais
[athraigh] Dátaí
Úsáid an uimhir sa dáta ar dtús, msh. 12 Nollaig.
[athraigh] Stíl cheannlíne
Úsáid an marc == sna ceannlínte; ná húsáid '''. Déan tús le "==" (sin dhá comharthaí ionnanais). Má mheasann tú go bhfuil an cló ró-mhór (mar a mheasann roinnt daoine), sin ábhar don stílchóras ar fud na Vicipéide. Ná déan go difriúil é in ailt aonair.
Déan ceannlitreacha den chéad fhocal agus na ainmneacha dílse san teideal, ach ná cuir ceannlitreacha ar aon fhocal eile.
[athraigh] Stíl na Gaeilge
Bain úsáid as is é agus is í seachas na giorrúcháin 'sé agus 'sí atá coitianta san fhilíocht agus sa chaint.
Coinnigh an t-alt i logainmneacha i dteidil ailt: An Bheilg, Na Clocha Liatha. Chun an t-ord aibítreach a dhéanamh níos soléire i liostaí, is féidir an t-alt a cheilt mar seo: An [[An Bheilg|Bheilg]], Na [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], a bheidh á thaispeáint mar seo: An Bheilg, Na Clocha Liatha.
Bain úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil.
[athraigh] Catagóirí
Tugtar sloinnte Gaelacha a thosaíonn le Ó, Ua, Ní, Mac, Nic faoin gcéad phríomhlitir ina dhiaidh sin, m.sh. cuirtear Parthalán Ó hEachthairn faoin "E".
[athraigh] Tagairtí
Bain úsáid as an fhormáid seó.
Fuair Ó Murchú bás i 1901.<ref>Bloggs, E: "Ó Murchú, a shaol", lch. 203. Gnáthpress, 2005</ref>
== Tagairtí ==
<references/>