Lá Fhéile Pádraig
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Déanann pobal na hÉireann fíor chéiliúradh ar an 17ú lá de Mhárta Lá fhéile Phádraig.
Deirtear gur cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo.
Déantar céiliúradh air Phádraig aon áit ar fud an domhain ina mbailíonn na héireannaigh le chéile. Ar na hocáidí is mó áirítear an ceann i Nua Eabhrac, ina mbíonn paráid ollmhór 'chuile bhliain, ó Ardeaglais Naoimh Pádraig suas an 5ú Ascal (5th Avenue) agus ceann Bhaile Átha Cliath. Anois i mBaile Átha Cliath tá feachtas seachtaine ann chun an lá a cheiliúradh.
Is é Naomh Pádraig a thug an Chríostaíocht go h-Eirinn. Nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag agus tugadh anall go h-Éirinn é, áit ar chaith sé blianta ag sclábhaíocht, agus é ag tabhairt aire do thréad caorach agus muc ar shliabh Mis i gContae Aontroma. Oíche amháin bhí bríonglóid aige faoi phobal na hÉireann agus gur cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh. Chuaigh Pádraic ar bhord loinge agus sheol sé ar ais abhaile. Nuair a bhí sé úrnaithe ina shagart ,bhí brionglóid eile aige ina bhfaca sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air chun an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ann. Chaith Pádraic 40 lá agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar shliabh Mis i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Téann na mílte chuig cruach Phádraig ar thuras spioradálta.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.