Hugues Capet na Fraince
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba rí na bhFranc ó 987 go 996 agus bunaitheoir an rítheaghlaigh Capet é Hugues Capet (~ 940 - 24 Deireadh Fómhair 996), rítheaghlach a mhair go dtí Laoiseach XVI sa 18ú haois.
[athraigh] An Fhrainc sa 10ú haois
Ní raibh sliocht Shéarlais Mhóir (Charlemagne), impire na bhFranc san 8ú haois, in ann teorainneacha ríocht na bhFranc a chosaint, go h-áirithe san iarthar. Thóg na tiarnaí móra caisleáin láidre ina ndúichí féin. Uaireanta ba iad na h-easpaig a bhí i gceannas chun an eaglais is an creideamh Críostaí a chosaint. Ag deireadh na dála, ní raibh duine ó sliocht Shéarlais Mhóir, nó na Carolingiens as Fraincis, fágtha tar éis bás Laoiseach V i mBealtaine 987 agus bhuail na tiarnaí le chéile i Noyon chun rí nua a thoghadh. Ba é Hugues, ab cróga a thóg páirt i gcathanna agus diúc na bhFranc ó 960, an fear ba threise acu. Bhí clóca naoimh Tours, Máirtín, ag Hugues ina mhainistreach agus tháinig a ainm Capet ón fhocal Laidine cappa, an duine a raibh an clóca aige. Beannaíodh mar rí in ardeaglais Reims é ar an 3 Iúil i 987. Ba é sin tús ríocht na Fraince, nó ríocht Francach an Ghaill.