Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is Lárionad Cultúrtha í Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach suite i mBéal Feirste, sa tuaisceart na hÉireann. Bíonn go leor cúrsaí ar siúl sa Chultúrlann - Dramaí agus Ranganna Gaeilge agus Gaeilge na hAlban ina measc.
Tá cúpla áiseanna eile naiscthe leis an Chultúrlann, An Ceathrú Póilí (siopa leabhair) Gaeilge, An Caife Glas, Pobal (scátheagras Gaeilge fá choinne an tuaiscirt), Aisling Ghéar (comhacht drámaíochta agus scanánaíochta) , agus Oifig Fáilte. Cuireann Radió Fáilte cláracha i láthair gach lá sa tseachtain ón Chultúrlann.
Bunaíodh an Chultúrlann i rith na 70aidí, ach níor tháinig sí go dtí an foirgneamh láithreamh ach i 1991. Is sean eaglais Phréisbitíreach í an foirgneamh ina bhfuil an t-ionad suite fá láthair. Bhí an eaglais áirithe seo leis an Athair Mac Adam, cé go raibh ag obair ar son na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar san ochtú aois déag.