Cillín néarach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é atá i gCillín Néarach nó néaróg ná cillín sa chorp a ligeann thart gach sórt spreagadh a bhaineann leis an inchinn, leis na céadfaí agus le gach sórt gluaiseachta agus corrú a bhaineann don corp.
Tá cillíní áirithe a bhaineann le gluaiseacht agus corrú na ngéag agus agus an láir - néaróga mótair iadsan.
Tá cillíní eile a bhaineann leis na céadfaí, .i. leis an amharc, leis an éisteacht, le mothúcháin tríd an gcraicinn, le boladh agus le blasú. Néaróga céadfa iadsan.
Tá cillíní eile a bhaineann le feidhmiú na mball beatha, ar nós an ae, na scamhóga, agus an bholg. Tugtar néaróga átanómacha orthu sin.
Tá cillíní eile a bhaineann leis an bpróiseál a dhéanann an inchinn ar an eolas go léir a thagann isteach ó na néaróga céadfaí agus ó na néaróga átanómacha, chomh maith leis na mothúcháin intinne a bhaineann leo siúd. Tugtar néaróga comhcheangal orthu.