Bunreacht na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard atá i gceist i mBunreacht na hÉireann ná bundlíthe na tíre Poblacht na hÉireann. Bunaíodh an stát ina daonlathas ionadaíochta nuair a glacadh an bhunreacht tar éis reifreann ar 1 Iúil 1937. Tháinig sí i bhfeidhm ar 29 Nollaig 1937, agus ní ceadmhach í a athrú arís ach amháin trí reifreann eile ina mbeidh cead vótála ag gach saoránach de chuid na hÉireann. Ní ceadmhach aon dlí a rith sa tír nach dtagann leis an mBunreacht. Tháinig an Bunreacht atá ann faoi láthair i gcomharbacht ar Bhunreacht Saorstát Éireann a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1922.
[athraigh] Stair
B'é Eamon de Valera an duine a bhí freagrach don bhunreacht den chuid is mó. Bhí an bhunreacht scríofa i dhá teanga - as Gaeilge le Micheál Ó Gríobhtha (le tacaíocht ó Risteárd Ó Foghludha) agus as Béarla le John Hearne. Bhuaigh de Valera formheas Dáil Éireann ar 14 Meitheamh 1937.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
ga:Bunreacht na hÉireann