Aontachtóirí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aicme rialaithe Thuaisceart Éireann le blianta fada. Nuair a rinneadh an críochdheighilt ar Éirinn i 1920 bunaíodh parlaimint i Stormont a raibh tromlach buan ag an bPáirtí Aontachtach inti ar feadh breis is caoga bliain. D'fhógair duine dá gceannairí gur parlaimint Phrotastúnach do phobal Protastúnach a bhí i Stormont agus rinne gach iarracht chun iad siúd a bhí ar son aontú na hÉireann, nó ina gCaitlicigh a choinneáil as oifig, le toghcheantair a bhí leagtha amach chun tromlach vótaí a thabhairt do na hAontachtóirí fiú nuair nach raibh tromlach daonra acu. Bhí caimiléireacht den chineál seo ag tarlú go háirithe i nDoire agus i gcontaetha Fhear Manach agus Thír Eoghain.