Eitinn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Galar leis an mbaictéar Mycobacterium tuberculosis is ea an eitinn. Goilleann sé na scamhóga de gnáth, ach is féidir lei dul i bhfeidhm ar bhaill eile den chorp, na cnámha nó an inchinn mar shampla.
Is í an eitinn scamhóige an saghas is coitianta.
BCG an t-ainm atá ar an vacsaín a thugann cosaint duit ar an eitinn. Seasann na litreacha BCG do Bacillus Calmette-Guérin, ainm an bhactéir agus na ndaoine a d'fhorbair an vacsaín.
In Éirinn, ní fhaigheann mórán daoine an eitinn na laethanta seo mar; (a) go bhfuil caighdeán maith maireachtála don chuid is mo, (b) gur féidir linn cóir leighis a chur ar daoine a bhfuil an aicíd orthu, agus (c) go bhfuil leibhéal ard imdhíonta ann.
Sa Tríú Domhain tá líon na ndaoine a thógann agus a fhaigheann bás den eitinn i bhfad níos aoirde, agus tá sí ag méadú go gasta i gcuid mhór tíortha.
Conas a théann an eitinn i bhfeidhm ort?
Is gnách go dtosnaíonn an eitinn le láthair bheag athlasta i scámhóg amháin. Téann an láthair athlasta i méid ansin agus mura gcuirtear bac leis in am leathnaíonn sé amach chuig an scámhóg eile.
Is féidir na siomptóim seo a leanas a bheith ag an duine:
- casacht a théann ar aghaidh ar feadh seachtainí;
- fiabhras;
- ag cur allais (san oiche ach go háirithe);
- cailliuint meáchain;
- ag brath tuirseach;
- ag caitheamh amach fola.