The Rolling Stones
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Rolling Stones | |
---|---|
|
|
Bunús | {{{bunús}}} |
Tír | Ríocht Aontaithe |
Gníomhach | 1960 – an lá inniu |
Seánra(í) | Rac-cheol |
Lipéad/lipéid | Virgin Records |
Baill | Mick Jagger Keith Richards Charle Watts Ron Wood |
Iar-bhaill | Brian Jones Bill Wyman Mick Taylor |
Suíomh Gréasáin/ suímh Ghréasáin |
www.rollingstones.com |
Is banna rac-cheoil é The Rolling Stones, a bhunaíodh i Sasana i 1960. Bhí rath ag an banna ar dtús sna 1960í, agus fós sa lá atá inniu ann.
[athraigh] Stair
Bhuaníodh an banna i Londain i 1962, nuair a bhuail Mick Jagger agus Keith Richards le Brian Jones. Cairde scoile ab ea iad Jagger agus Richards. Roghnaigh Jones ainm an banna, tar éis líne i amhrán Muddy Waters. Thosaigh siad an banna nua le Jagger ag canadh, Richards ag seinm an ghiotár, Jones ag seinm an ghiotár freisin agus ag canadh, Ian Stewart ag seinm an pianó, Mick Avery ar na drumaí agus Dick Taylor ag seinm an dhord-ghiotár. D'fhág Taylor tar éis tamaill chun staidéar a dhéanamh, agus tháining Bill Wyman isteach ina áit. Thosaigh siad ag seinm amhráin ó Chuck Berry, Muddy Waters, Bo Diddley agus na ceoltóirí luaithe rac-cheoil eile. Sheinn siad go minic ag an Marquee Club i Londain, agus d'fhás a dtacaíocht go tapaidh. Tháining The Beatles chun an banna nua seo a fheiceáil freisin. Ag an am seo, ba é Jones an príomh cumadóir sa bhanna. Ach tar éis tamaill thosaigh Jagger agus Richards ag scríobh le chéile freisin. Fuair siad bainisteoir nua, Andrew Loog Oldham, agus shínigh siad conradh le Decca Records.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.