An tSlóivéin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tír bheag i lár na hEorpa, in Oirthear na nAlp is ea Poblacht na Slóivéine, le teorannacha leis an Ostair , an Iodáil, an Ungáir agus an Chróáit. Bhí tailte na Slóivéine mar chuid den Impireacht Naofa Rómhánach agus d'Impireacht na hOstaire go dtí 1918 nuair a chuaigh na Slóivéinigh i bpáirt leis na Seirbigh agus na Cróátaigh chun stát nua ilnáisiúnta, an Iúgslaiv a bhunú. D'fhan an tSlóivéin ina cuid den Iúgslaiv tar éis an Dara Cogadh Domhanda, faoi rialtas Cumannach, ach i 1991 d'éirigh léi a neamhspleáchas a bhaint amach tar éis chogadh deich lá. Mar gheall ar na naisc stairiúla le tíortha ar nós na hIodáile agus na hOstaire, ní raibh sé deacair don tSlóivéin dul i bpáirt arís leo, agus glacadh isteach san Aontacht Eorpach agus i NATO í sa bhliain 2004.
Achar iomlán 20,273 ciliméadar cearnach. Cósta: 46.6 km.
Aeráid mheánmhuirí ar an gcósta, aeráid Alpach sa réigiún sléibhtiúil in aice na hIodáile agus na hOstaire.
Daonra (2005): 2,011,070, ag titim go mall.
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Chipir • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Le teacht | ||
an Bhulgáir • an Chróit • Poblacht na Macadóine • an Rómáin • an Tuirc |