An Dara Cogadh Domhanda
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fíchiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh ar an 1 Meán Fómhair sa bhliain 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil sa bhliain 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.
An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa Chéad Chogadh Domhanda, ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon mhór-roinn ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, b'é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chostasúla i stair an chine dhaonna.
Is gnáth na cogaithe a roinnt ina dhá mbloc, mar atá, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid. Bhí cuid mhór tíortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriú le ceann den dá bhloc, ar chúiseanna praiticiúla níos mó ná ar chúiseanna idé-eolaíochta nó báúlachta.
Ar dtús, b'í an Ríocht Aontaithe an chumhacht ba tábhachtaí de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chéad dá chomhghuaillí a bhí aici. Sa deireadh thiar thall, áfach, chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe.
Ar thaobh na Fearsaide, arís, b'iad an Ghearmáin, an Iodáil, agus an tSeapáin na príomhthíortha.
Clár ábhair |
[athraigh] Cnámha an Scéil
[athraigh] An Eoraip
[athraigh] An Áise agus an tAigéan Ciúin
[athraigh] I nDiaidh an Chogaidh
[athraigh] Cúiseanna an Chogaidh
[athraigh] Imeachtaí an Chogaidh
[athraigh] An Cogadh ag Tosú: 1939
[athraigh] An Cogadh ag Dul i bhFairsinge: 1940
[athraigh] An Cogadh ag Dul chun Domhandais: 1941
[athraigh] An Leamhsháinn: 1942
[athraigh] An Taoide á Casadh: 1943
[athraigh] Ag Druidim chun Deiridh: 1944
[athraigh] An Deireadh: 1945
[athraigh] Na hÍobartaigh, na Sibhialaigh, agus na Gníomhartha Uafáis
[athraigh] An Fhrithsheasmhacht agus an Comhoibriú
[athraigh] An Saol sa Bhaile
[athraigh] An Teicneolaíocht
[athraigh] Cuma an Domhain i nDiaidh an Chogaidh
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.