Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
John F. Kennedy - Vicipéid

John F. Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

John Fitzgerald Kennedy
John Fitzgerald Kennedy
Ord: 35ú Uachtarán
Leasuachtarán: Lyndon B. Johnson
I bhfeidhmeannas: 20 Eanáir, 196122 Samhain, 1963
Réamhtheachtaí: Dwight D. Eisenhower
Comharba: Lyndon B. Johnson
Dáta breithe: 29 Bealtaine, 1917
Áit bhreithe: Brookline, Massachusetts
Dáta báis: 22 Samhain, 1963
Áit bháis: Dallas, Texas
Bean an Uachtaráin: Jacqueline Kennedy
Páirtí polaitíochta Daonlathach

Ba é John Fitzgerald Kennedy (29 Bealtaine, 1917 - 22 Samhain, 1963), a tugadh JFK go minic air, an 35ú Uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí sé ina uachtarán ó 1961 go dtí a bhás i 1963. Ba é an uachtarán ab óige le toghadh agus an t-aon uachtarán Caitliceach amháin.

Clár ábhair

[athraigh] Tús a shaoil

Rugadh agus tógadh Kennedy i mBrookline, Massachusetts sa bhliain 1917, mac le polaiteoir Joseph P. Kennedy, Sr., agus Rose Fitzgerald, as chlann mór eile i mBostún. D'fhreastal Kennedy ar Scoil Edward Devotion ar dtús ar feadh ceithre bliana, agus ansin Scoil Dexter i mBostún, agus bliain amháin eile ag Scoil Canterbury. Tar éis Canterbury, chuaigh sé isteach i Choate Rosemary Hall i Wallingford, Connecticut, ceann de na scoil chónaithe is fearr, agus bhain sé céim amach sa bhliain 1935. Sheol sé go Londain, Sasana ar 25 Meán Fómhair sa bhliain céanna, in éineacht leis a thuismitheoirí agus a dheirfiúr Kathleen. Cláraigh sé le Scoil Londain na hEacnamaíocht (London School of Economics), chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliain faoin tOllamh Harold Laski, ach cuireadh san oispidéal é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, d'fhill Kennedy ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San Fhómhar 1935, cláraigh sé le Ollscoil Princeton, ach d'éirigh sé tinn arís, na buíocháin a bhí i gceist an am seo. San Fhómhar an bhliain ina dhiaidh, thosaigh Kennedy ag freastal ar Ollscoil Harvard. Thaistil sé chuig na hEorpa faoi dhó i rith a thréimhse ag Harvard. Chuaigh sé go dtí Sasana arís, mar bhí a athair anseo ina ambasadóir anseo ag an am. Sa bhliain 1937, forordaíodh stéaróidigh do Kennedy, chun smacht a chur ar a chuid drólainníteas, ach thosaigh a fhadhbanna ag méadú mar thoradh. Sa deireadh, d'éirigh sé níos tinne le h-oistéapóróis sa dhromlach. Bhain Kennedy céim amach as Harvard, agus ansin bhog sé go dtí an scoil ghnó ag Ollscoil Stanford. Tar éis Stanford, thaistil sé go dtí an Meiriceá Theas.

Scríobh Kennedy a thráchtas "Why England Slept" i 1940, faoi eachtraí na Breatanaigh agus an Comhaontú Munich. Ba mhaith leo an tráchtas a choimeád san ollscoil ar dtús, ach chuir a athair ina luí air an tráchtas a fhoilsigh i leabhair. D'fhág Kennedy Harvard le céim i gcúrsaí idirnáisiúnta i mí Meitheamh 1940. Foilsíodh a thráchtas sa bhliain céanna, a bhí an-rathúil freisin.

I bhfad níos déanaí, nochtadh go raibh Galar Addison ag Kennedy agus é ina fhear óg fós. Níor fhoilsíodh an t-eolas seo i rith a shaoil.

[athraigh] Seirbhís mhíleata

Íomhá:JFKPT109.jpg
Kennedy ar an PT-109.

Isteach san airm S.A.M. leis sa bhliain 1941. Liostáil sé de a dheoin féin ar dtús, ach diúltaíodh é mar gheall ar na fadhbanna a bhí aige leis a dhroim. Glacadh Kennedy isteach sa cabhlach san Fhómhar an bhliain céanna, agus tá seans ann gur úsáid a athair a chuid tionchar. Ina mheirgire dó, thosaigh Kennedy ag obair san oifig a thóg nuacht agus eolas don Runaí an Cabhlach. B'é sin an obair a bhí sé ag déanamh nuair a d'ionsaigh na Seapánaigh Pearl Harbour. D'fhreatal Kennedy ag an Naval Reserve Officers Training School agus Motor Torpedo Boat Squadron Training Center, agus ansin seoladh é ar dualgas i bPanama ar dtús, agus ansin an throid san Aigéan Ciúin. Ghlac Kennedy páirt i gcúpla misean anseo, agus bronnadh céim leifteanant air, i gceannas toirpéad-bháid patról.

San oíche ar 2 Lúnasa 1943, bhí bád Kennedy, an PT-109, ag glacadh páirt i ruathar in aice le New Georgia, nuair a bhuail scriostóir Seapánach é. Caitheadh Kennedy trasna an bád, agus ghortaigh sé a dhroim arís. Cé go raibh sé gortaithe, thóg Kennedy saighdiúir gortaithe eile ar feadh trí míle san aigéan, go dtí oileán sábháilte. Thit Kennedy gan mheabhair anois is arís i rith an crá, ach bhí sé ábalta é féin agus a chomhalta a shábháil. Mar aitheantas ar na heachtraí seo, bronnadh an Navy and Marine Corps Medal air.

Na boinn eile a bhuaigh Kennedy le linn an Dara Cogadh Domhanda ná an Purple Heart, Asiatic-Pacific Campaign Medal, agus an World War II Victory Medal. Scaoileadh amach é sa bhliain 1945, agus ghéill na Seapánaigh cúpla mí níos déanaí.

[athraigh] Ina pholaiteoir dó

Kennedy san Fhrainc sa bhliain 1953.
Méadaigh
Kennedy san Fhrainc sa bhliain 1953.

Tháinig John F. Kennedy slán as an gcogadh, ach cailleadh a dheartháir Joseph P. Kennedy, Jr. ar 12 Lúnasa, 1944. De bharr seo, cuireadh níos mó brú ar John tús a chur leis a shaol sa pholaitaíocht. Sa bhliain 1946, d'éirigh James Michael Curley as a shuíochán, agus bhí bua láidir ag Kennedy. Chaith Kennedy sé bliana as seo amach ina fheisire, ag vótáil i gcoinne uachtarán Harry S Truman agus a pháirtí fhéin uaireanta. Bhuaigh sé áit sa sheanaid don stát Massachussetts sa bhliain 1952 i gcoinne an seanadóir Henry Cabot Lodge óna Phoblachtaigh. Ar 12 Meán Fómhair 1953, phós Kennedy le Jacqueline Lee Bouvier. Lean na fadhbanna a bhí aige leis a dhromlach ar aghaidh, agus seoladh é faoin scian go minic i rith an dhá blian ina dhiaidh. Bhí an t-ádh leis nár chailleadh é, i rith an tréimhse seo. Mar thoradh, bhí Kennedy as láthair ón Seanad go minic. Foilsíodh a leabhair Profiles in Courage, a bhuaigh an Duais Pulitzer sa bhliain 1957, i gcatagóir Beathaisnéis.

Chaith Kennedy vóta i bhfabhar an Civil Rights Act i 1957, cé gur vótáil sé i gcoinne an Jury Trial Amendment níos luaithe. Tacadóirí láidir ina chéad fheachtas uachtaránach ab ea iad James Eastland, John McClellan, agus Gobharnóir Mississippi James Coleman, daoine a bhí i bhfabhar an idirdheighilt. Bhí Seanadóir Joseph McCarthy cairdiúil leis an gclann Kennedy freisin. Chaith Robert F. Kennedy tréimhse ag obair ina fhoireann, agus bhí McCarthy ag dul amach le Patricia Kennedy ar feadh tamaill. Bhí fadhb ag Kennedy sa bhliain 1954 nuair a bhí an Seanaid réidh McCarthy a cháineadh, agus níor chaith sé vóta mar bhí sé san oispideál arís. Leis an eachtra seo, rinneadh a lán dochar dó leis na grúpaí liobrálacha.

[athraigh] Toghchán 1960

Íomhá:Jfknixon.jpg
Kennedy agus Richard Nixon ag tús ceann de na díospóireachta sa bhliain 1960.

Sa bhliain 1960, d'fhógair John F. Kennedy go mbéadh sé ag dul isteach sa thoghchán, chun a bheith ina uachtarán ar na Stait Aontaithe. Chun áit a bhuaigh ina iarrthóir ón pháirtí Daonlathach, bhí comórtas deacair aige ó Sheanadóir Hubert H. Humphrey as Minnesota, Seanadóir Lyndon B. Johnson as Texas agus Adlai Stevenson. Chuaigh sé go dtí an Virginia Thiar chun labhairt leis na mianadóirí. Bhuaigh sé a gcuid tacaíocht, cé go raibh sé ina Chaitliceach agus stát Phrotastúnach a bhí ann sa fórmhór. Tar éis na h-eachtraí seo, d'éirigh Kennedy as an gcomórtas mar iarrthóir inghlachta. Fógraíodh é ar 13 Iúil 1960 go mbéadh Kennedy an iarrthóir a bhéadh ag glacadh páirt sa thoghchán. D'ainneoin an caismirt a bhí eatarthu níos luaithe, roghnaigh Kennedy Johnson ina iarrthóir don leas-Uachtaránacht. Bhí tacaíocht an-láidir ag Johnson i ndeisceart na tíre, rud a bhí de dhíth go géar ar Kennedy. Na príomh-chúrsaí a bhí siad ag caint faoi ná an geilleagar mall, Caitliceachas Kennedy, Cúba, agus na dúshláin a bhí ann i gcoinne Aontas na Sovéide sna cláir spáis agus airm.

Phléigh Kennedy agus a theagmhálaí Richard Nixon ón Pháirtí Poblachtach na cúrsaí seo le chéile i rith an ceád diospóireacht uachtaránach a bhí le feiceáil ar an teilifís. Bhí cuma mí-chompórdach agus corraitheach ar Nixon, agus cheap fórmhór an lucht féachanta go raibh an bua ag Kennedy, é a bhí socair agus féinmhuiníneach. Eachtra stairiúil a bhí ann pé scéal é, agus bhí páirt tábhachtach ag an teilifís i bpolaitaíocht as seo amach.

[athraigh] Uachtaránacht

Rinneadh 35ú uachtarán de ar 20 Eanáir, 1961. Ag an tsearmanas, d'iarr Kennedy ar mhuintir na tíre a bheith fuinniúil ar son na tíre, leis na bhfocail stairiúil, "Ask not what your country can do for you, ask what you can do for your country". D'iarr sé freisin ar náisiúiní an domhain a aontaigh le chéile chun troid i gcoinne na comh-namhaidí a bhí acu - tíorántacht, bochtaineacht, galar, agus cogadh féin.

[athraigh] Cúba agus Scannal Bhá na Muice

Ar 17 Aibreán 1961, thóg Kennedy an t-ordú ionradh a thosaigh ar Chúba. Le tacaíocht ón Central Intelligence Agency (CIA), d'fhill 1,500 deoraí Chúbacha a bhí ag traenáil i Meiriceá ar ais go dtí an t-oileán, chun an ruaig a chur ar Fidel Castro ("Briogáid 2506" an t-ainm a bhí orthu). Níor thóg na Meiriceánaigh aon aerthacaíocht do na saighdiúirí, áfach, agus chuir an tacaíocht láidir a bhí ag Castro iontas orthu freisin. Chomh maith le sin, rinneadh roinnt botuín tábhachta, agus ar 19 Aibreán bhí fórmhór na hionreoirí maraithe nó faoi ghlas ag Castro. B'éigean do Kennedy idirbheartaíocht a dhéanamh le Castro chun na 1,189 marthanóir a scaoileadh saor. D'aontaigh Cúba fiche mí níos déanaí, nuair a thug na Meiriceánaigh $53 milliúin i mbia agus leigheas dóibh ar malairt. Eachtra a chur an-aiféaltas ar Kennedy ab ea é seo, cé go raibh sé sásta an locht ar fad a ghlacadh.

[athraigh] Géarchéim Dhiuracán Chúba

JFK ag buaileadh le Nicíte Cruistsiof i Vín i mí Meitheamh, 1961.
Méadaigh
JFK ag buaileadh le Nicíte Cruistsiof i Vín i mí Meitheamh, 1961.

Thosaigh an Ghéarchéim Dhiuracán Chúba ar 14 Deireadh Fómhair 1962, nuair a thóg spiair-eitleán Meiriceánach U-2 grianghrafeanna ina raibh láithreán diuracán le feiceáil faoi tógáil i gCúba. Bhí rogha deacair ag Kennedy - ba mhaith leis ionsaí a dhéanamh ar an láithreán, ach ba seans ann go mbéadh cogaidh in aghaidh an Aontas Sovéideach mar thoradh. Cuireadh brú ar Kennedy ionsaí a dhéanamh, ach sa deireadh roghnaigh sé imshuí a chur ar an t-oileán. Tréimhse corraitheach ab ea é, agus bhí an cuma air go mbéadh cogadh núicléach ag bris amach ag am éigean. Thosaigh Kennedy ag plé an fhadhb le Nicíte Cruistsiof, agus bhí comhaontú acu tar éis seachtain. Bhain Cruistsiof na diuracáin amach as gCúba, agus gheall Kennedy nach mbéadh ionradh ar bith ar Chúba arís. Deirtear gur aontaigh Kennedy faoi rún diuracáin Meiriceánacha a thóg amach as an Tuirc sé mí níos déanaí.

[athraigh] Meiriceá Laidineach agus an Cumannachas

Chun smacht a chur ar fhás cumannachas i Meiriceá Laidineach, bhunaigh Kennedy an Alliance for Progress, a thóg cabhair do na tíortha sa réigiún seo agus a rinne iarracht an caighdeán chearta an duine a méadú. Bhí sé ag obair sa scéim seo le Gobharnóir Luis Muñoz Marín i bPórtó Ríce, agus rinneadh dul chun cinn i bhforbairt an gcomhlathas sa tír seo.

[athraigh] Peace Corps

B'é bunú an Peace Corps ceann de na céad eachtraí a rinne Kennedy agus a dtoghadh isteach san oifig é. Sa chlár sin, chuir na Meiriceánaigh cabhair ar fáil do tíortha bochta in oideachas, feirmeoireacht, leigheas agus tógáil.

[athraigh] Vítneam

Bhain Kennedy úsáid teoranta as na seirbhisí míleata chun troid i gcoinne an gcumannachas. Ba mhaith leis seasamh láidir a dhéanamh i Vítneam, agus mar thoradh thug sé tacaíocht pholaitiúl, eacnamaíochta agus míleata don rialtas i Vítneam Theas. Seoladh 18,000 comhairleoir míleata agus na U.S. Special Forces go dtí an réigiún. Lean an feachtas ar aghaidh sna blianta as seo amach, agus bhí saighdiúirí Meiriceánacha ag troid go díreach sa chogadh i rith an riarachán ina dhiaidh Kennedy. Mhéadaigh Kennedy an tacaíocht míleata, ach níor éirigh sé go maith fós. I mí Iúil 1963, bhí géarchéim ag Kennedy i Vítneam agus bhí air rud a dhéanamh faoi. Thóg sé a thoil an ruaig a chur ar uachtarán na tíre Ngo Dinh Diem, agus cuireadh coup d'état ar siúl.

[athraigh] Óráid i mBeirlín Thiar

Ar an 26 Meitheamh 1963, chuaigh Kennedy ar chuairt reatha go dtí Beirlín Thiar. Bhí na sluaite daoine amach ar na sráideanna, agus thóg Kennedy oráid i gcoinne an gcumannachas. Deirtear go raibh daoine ar an taobh eile den bhalla ag tabhairt bualadh bos dó, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na Rúisigh. Dúirt sé go raibh sampla é an balla, a léirigh loiceadh an gcumannachas. Tá cáil ag an óráid inniu mar gheall ar na bhfocail stairiúil "Ich bin ein Berliner". Meastar go raibh 5/6 den daonra amach ag éisteacht le Kennedy ar an lá seo.

[athraigh] Éire

Ba de bhunadh Éireannach é Kennedy, agus mar thoradh ba mhór an ócáid é sa bhliain 1963 nuair a thug sé cuairt ar Éireann. Bhuail sé le h-uachtarán Éamon de Valera, agus bhunaigh siad an American Irish Foundation le chéile, chun naisc a chur chun cinn idir Meiriceánaigh de bhunadh Éireannacha agus an tír seo féin. Chuaigh Kennedy go dtí an teachín ina raibh a chlann fhéin ina gcónaí sular fhág siad an tír.




Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá
Washington | J. Adams | Jefferson | Madison | Monroe | J.Q. Adams | Jackson | Van Buren | W.H. Harrison | Tyler | Polk | Taylor | Fillmore | Pierce | Buchanan | Lincoln | A. Johnson | Grant | Hayes | Garfield | Arthur | Cleveland | B. Harrison | Cleveland | McKinley | T. Roosevelt | Taft | Wilson | Harding | Coolidge | Hoover | F.D. Roosevelt | Truman | Eisenhower | Kennedy | L.B. Johnson | Nixon | Ford | Carter | Reagan | G.H.W. Bush | Clinton | G.W. Bush





Vicipéid
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com