Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Teilifís - Vicipéid

Teilifís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas teileachumarsáide is í an teilifís chun pictiúir gluaiste a chraoladh agus a ghlacadh le achar ann idir an gcraoltóir agus an glacadóir. Tá baint ag an bhfocal le gach gné de chláir teilifíse agus de tharchurtha chomh maith.

Sa theilifís, tagann íomhánna chugainn tríd an aer. Foirleatar nó craoltar iad ó lárionad cianamharcaíochta, agus chífir ar an ngléas teilifíse daoine agus radharca faoi mar chíofá iad sa saol. Agus ní hamháin go dtagann íomhánna na rudaí a bhíonn dá bhfoirleathú ach tagann caint agus ceol más gá. Chífir an duine agus cloisfir ag caint í nó é.

Is í an aibhléis agus an solas is bun leis an dteilifís. Sa lárionad foirleata caitear solas ó lóchrainn ar an rud a bhíonn le foirleathú, nó b'fhéidir gur pictiúir den rud a bheadh san lárionad. Ansin caitear solas ón rud ar cadhain solais. Téann an solas i bhfeidhm ar na srutha aibhléise a bhíonn sa chadhain agus deineann sé athrú orthu. Beidh siad ag athrú do réir nirt an tsolais a caitear ar an gcadhain. Is mó an t-athrú a dhéanfaidh solas láidir ná solas lag ar na srutha. Do réir an bhaill den rud óna gcaitear an solas a bheidh an solas láidir nó lag. Cuir i gcás go raibh duine ann: is mó an neart bheadh sa tsolas a caithfí óna éadan ar an gcadhain ná an solas a caithfí óna chuid gruaige. Anois, méadaítear na srutha a thagann as an gcadhain agus foirleatar iad faoi mar deintear i gcás foirleata fuaime. Gluaiseann na tonnta aibhléise amach ón lárionad teilifíse trí spás i ngach treo. Sa ghléas cianamharcaíochta sa bhaile deintear srutha aibhléise de sna tonnta seo. Bíonn siad ag freagairt do sna srutha a bhíonn san lárionad foirleata. Méadaítear iad agus ansin téann siad trí lóchrainn solais. Téann siad i bhfeidhm ar an solas i dtreo go mbíonn neart an tsolais ag athrú sa tslí céanna agus mar bhíonn neart an tsolais a caitear ar an gcadhain solais ag athrú. Ón solas seo deintear an íomhá ar scáileán. Sin macasamhail den rud a bhíonn á fhoirleathú.

Tá feadán aibhléise ann nó feadán an gha cadóid mar tugtar air, agus baintear feidhm as, leis, in ionad an lóchrainn solais chun an íomhá do dhéanamh. Baintear feidhm as an bhfeadán céanna san lárionad teilifíse. Tá cosúlacht idir an tslí a oibríonn craoladh agus teilifís. Fuaim a bhíonn i gceist i gceann acu agus solas sa cheann eile.

In Éirinn, is é RTÉ an príomhchraoltóir náisiúnta, atá á riaradh ag rialtas na tíre, agus ag a bhaineann tairbhe as am méid airgid a bhaineann ceadúnais teilifíse amach.

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com