Idirlíon
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is líonra domhanda ríomhaireachta é an tIdirlíon nó an tIdirghréasán, a nascaíonn rialtais, comhlachtaí, ollscoileanna agus go leor líonraí agus úsáideoirí eile. Tacaítear ríomhphost, físchomhdháil agus seirbhísí comhrá leis an gcóras, agus is féidir ríomhairí ciana a rochtainiú agus comhaid á sheoladh nó a fháil ar ais.
Thosaigh cruthú bunúsach an Idirlín le scéim ón ARPA (Advanced Research Project Agency, an Gníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighde, sna SAM; ). Bhí orthu taighde a dhéanamh faoi conas a dhéanfai líonra a sheasfadh i gcoinne olldamáiste buama. Thosaigh an tIdirlíon é féin i 1984 le tacaíocht an National Science Foundation (Foras Náisiúnta Eolaíochta) Meiriceánach, agus b'fhéidir le cúig ollscoil réigiúnacha a chuid áiseanna a roinnt. Mhéadaigh an uimhir úsáideoirí go tapaidh, agus sna nóchadaí bhí an praghas chomh saor go raibh an-chuid úsáideoirí príobháideacha le naisc Idirlíne, ina dtithe féin. Agus an méid eolais ar an Idirlíon ag méadú, tháinig seirbhísí cuardacha, m.sh. Gopher, Archie, Veronica agus WAIS. Bhí líonléitheoireacht leanúnach le fáil le húsáid hípeartéacs.