Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Cogadh Cathartha na Spáinne - Vicipéid

Cogadh Cathartha na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar na cogaí cathartha ab fhíochmhaire a troideadh le linn an fichiú haois. D'éirigh Eite Dheis na Spáinne amach i gcoinne rialtas an Frente Popular, meascán de shóisialaithe, chumannaithe agus ainrialaithe a fuair an lámh in uachtar in olltoghchán 1934. Ba shaghas ullmhúcháin do choimhlint ní ba mheasa fós é an cogadh mar bhuail na hidé-eolaíochta naimhdeacha, an Faisisteachas agus an Cumannachas, le chéile le linn na troda.

Léigear Teruel, an Plaza de toros
Méadaigh
Léigear Teruel, an Plaza de toros

Clár ábhair

[athraigh] Foinse an chogaidh

Ba bhlianta casta iad cúig bliana an Dara Poblacht. Tháinig an Phoblacht ar an saol mar chomharba ar riailréim Primo de Rivera, ginearál airm, a bhí i gcumhacht ó 1923 go 1930. Tar éis na dtoghchán áitiúil in Aibreán 1931, ghlac an eite chlé seilbh ar an rialtas. Níor chuir tacaithe an Rí Alfonso XIII i gcoinne na bpoblachtánaithe agus bunaíodh an Dara Poblacht. Theith an rí ón Spáinn. Ag an am bhí páirtí láir láidir ann a bhí in ann an chumhacht a chothromú idir an dá thaobh. Ach, de réir a chéile chaill an páirtí láir a chumhacht agus tharla polarú polaitiúil sa tír. Le bunú na Poblachta, thosaigh an eite chlé, a raibh an lámh in uachtar acu tar éis olltoghchán 1931, ar athruithe móra sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba é an páirtí sóisialach, an PSOE, an páirtí ba mhó sa pharlaimint. Tugtar an Bienio Progresista nó an dá bhliain forásacha ar na blianta tosaigh seo. Ach ní raibh sé éasca na hathruithe go léir a chur i gcrích go tapaidh agus d'éirigh an pobal mí-shuaimhneach. D'éirigh scataí ainriaileacha amach i gcoinne an rialtais i 1934 agus cuireadh faoi chois iad go neamhbháúil. Thit an rialtas as a chéile agus bhí olltoghchán eile ann a chuir an eite dheis i gcumhacht.

[athraigh] Tosach an chogaidh

Ar an 12 Iúil 1936 thóg grúpa míleataithe cléacha ceannaire an fhreasúra, Calvo Sotelo, amach as a theach agus lámhaigh siad é, mar dhíoltas ar dhúnmharú leifteanant cléach, José Castillo. Rinne siad iarracht ceannaire eile na heite deise, José María Gil-Robles, a mharú ach níor éirigh leo é a ghlacadh. Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach i gcoinne an rialtais. Is le linn na laethanta casta seo an a tharla marú Federico García Lorca, an file clúiteach, i nGranada. Bhí an tír scartha idir an rialtas agus na réabhlóidithe agus tharla slad ar an dá thaobh.

Bhí rialtas na poblachta tar éis an ginearál Francisco Franco a ruaigeadh as an mór-thír mar bhí imní orthu roimhe - bhí sé tar éis stailc mhianadóirí i dtuaisceart na tíre a chur faoi chois go fuilteach i 1934. Bhí sé i gceannas ar arm na hAfraice agus bhí a cheannfort aige i gcathair Melilla, ceantar Spáinneach, i dtuaisceart na hAfraice. D'éirigh le Franco a chuid trúpaí a chur trasna na farraige ar eitleáin le cabhair ó Luftwaffe na Gearmáine, a sheol Hitler i ndiaidh an éirí amach. Ghlac sé seilbh ar dheisceart na tíre agus thosaigh sé ag druidim i dtreo Mhaidrid. Bhí léigear ar an gceannfort nó Alcázar ar siúl i gcathair Toledo, áit a raibh grúpa beag náisiúnaithe ag seasamh an fhóid i gcaisleán i gcoinne fhórsaí an rialtais. Ba shaghas siombail den éirí amach é do na náisiúnaithe an Alcázar agus bheartaigh Franco dul i gcabhair orthu agus glacadh Mhaidrid a chur ar athló. Thóg na reabhlóidithe mianadóirí ó Asturias i dtuaisceart na tíre isteach chun buamaí a chur isteach faoin gcaisleán, an iarracht dheireanach chun na cosantóirí a chloí. Cé gur phléasc na buamaí is gur thit cuid den chaisleán, ní raibh na hionsaitheoirí in ann na fothracha a thógáil. Chuir Franco deireadh leis an léigear ag deireadh Mheán Fómhair. Rinneadh ceannaire aonair de is rinne sé an chuid is mó den bhua seo chun na fórsaí náisiúnacha a spreagadh.

le críochnú

[athraigh] Cath Mhaidrid

Le linn an chatha, chuir rialtas na poblachta a chuid óir ón phríomhchathair chuig Valencia. Tháinig Stailín isteach le cabhair ollmhór don rialtas agus íocadh as le hór bhanc ceannais na Spáinne. Tugtar ór Mhoscú ar an eachtra seo.

[athraigh] 1937

Thit cathair Málaga i mí Eanáir do na náisiúnaithe.

titim an tuaiscirt, slad Guernica i mí Aibreán.

Bealtaine - cogadh cathartha i mBarcelona idir na hainrialaithe is an POUM ar taobh amháin is na cummanaithe agus fórsaí an rialtais ar an taobh eile.

[athraigh] 1938

Márta - ionsaí náisiúnach ar an bhfronta Aragón

[athraigh] 1939

cath an Ebro, titim na Catalóine, Negrín, ceannaire cumannach

an chéad Aibreán 1939 bua na náisiúnaithe fógraithe ag Franco.

[athraigh] Príomhphearsanra an chogaidh

I measc phríomhphearsanra an chogaidh, bhí Buenaventura Durruti, an ceannaire ainrialach a fuair bás i gcath Mhaidrid. Bhí aithne ar Dolores Ibárrurila Pasionaria, ceannaire cumannach, ar fud an domhain, mar gheall ar a hóráidí ar son an rialtais.

[athraigh] Eachtrannaigh sa chogadh

Sheol na deachtóirí faisisteacha, Mussolini agus Hitler, forsaí chuig an Spáinn ón Iodáil is ón Ghearmáin. Tar éis ór bhanc ceannais na Spáinne a fháil ar an 16 Meán Fómhair, chuir Stailín tús le idirghabháil an-mhór de fhorsaí Sóivéadacha. D'fhógair rialtais daonlathacha na hEorpa polasaí frith-idirghabhála sa chogadh. Bhí rialtas sóisialach i geannas sa bhFrainc faoi Léon Blum ach bhí faitíos orthu cúnamh a thabhairt don rialtas Spáinneach ar eagla go leathnódh an choimhlint go dtí a dtír féin, mar gheall ar an teorainn leis an Spáinn. Cuireadh muintir an eite clé ar fud an domhain na Briogáidí Idirnáisiúnta le chéile mar gheall ar an easpa cabhrach ón Bhreatain is ón bhFrainc. Maidir le hÉirinn, thaistil fir óga ón oileán ar fad chuig an Spáinn le troid sna Briogáidí Idirnáisiúnta, daoine ar nós iar-óglach an IRA, Frank Ryan. Ar an dtaobh eile, chuaigh grúpa ó na Léinte Gorma faoi cheannas an ghinearáil Eoin O'Duffy go dtí an Spáinn chun cabhrú le fórsaí Fhranco.

Tá rian an chogaidh ar shochaí na Spáinne le mothú fós.

[athraigh] Litríocht an chogaidh

Bhí tionchar nach mór ar litríocht na linne ag an gcogadh. Ghlac scríbhneoirí ar nós George Orwell agus Ernest Hemingway páirt sa troid, an bheirt acu ar thaobh na poblachta. Scríobh Orwell ceann dá leabhair is cailiúla, A Homage to Catalonia, faoina thaithí féin agus é ag troid ar fhronta Aragón le grúpa marcsach, an POUM. I réimse an cheoil, tá aithne ar amhráin ilghnéitheacha ar nós Viva la Quinta Brigada, a scríobh Christy Moore agus If you Tolerate This ó na Manic Street Preachers

[athraigh] Scannánaíocht

  • Scannán bunaithe ar leabhar Hemingway For whom the Bell Tolls (1940)
  • Land and Freedom (1995) ón stiúrthóir Briotanach Ken Loach

[athraigh] Staireagrafaíocht

  • Hugh Thomas, The Spanish Civil War (1961).
  • Ian Gibson, La represión nacionalista de Granada en 1936 y la muerte de Federico García Lorca (1971).
  • Paul Preston, La Guerra Civil (2000).
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com