Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Sinn Féin - Vicipéid

Sinn Féin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is páirtí náisiúnaí in Éirinn é Sinn Féin. Tá stair fada ag an phairtí seo agus bhí sé ar thús cadhnaíochta cursaí Éireannacha ar feadh céad bliain. D'athraigh sé stair na Éireann go deo.

Clár ábhair

[athraigh] Stair an Phairtí

[athraigh] An Chéad Sinn Féin

Bhunaígh Art Ó Gríofa Sinn Féin i mbliain 1905. Bhi an Griofach i bhfabhar poblachta neamhspleaiche Éireannai ach thuig se cé chomh deacair is a bheadh sé a leitheid sin a bhaint amach. Mar sin, d'fhogair se beart nios teoranta: Eire a bheith mar riocht faoi leith faoi mhonarcacht na Breataine Mora. Démhonarcacht a thugtar ar an phrionsabal sin, agus b'e an demhonarcacht a cuireadh i bhfeidhm san Ungair o 1867 fan Impireacht Ostair-Ungaireach a spreag an Griofach.

Ní raibh aon bhaint ag Sinn Féin le hÉirí Amach na Cásca, ach mheas na hudarais go raibh agus thug siad an "Sinn Fein Rebellion" air. D'eirigh an meon naisiunta nios radacaigh ar fad i ndiaidh scaoileadh cheannairi an Eire Amach. Ni raibh aon fheithicil polaitiochta ag lucht an Eiri Amach, afach, agus chuaigh siad i mbun caibidliochta leis an Ghriofach chun Sinn Fein a athsheoladh mar phairti reabhloideach.

[athraigh] An Dara Sinn Féin

Roimh an toghchán 1918, bhí athrú cheannaire ag Sinn Féin. Sheas Art Ó Gríofa ar thaobh chun ligint d'Éamon de Valera post an cheannaire a fhail. Tar éis sin, ba phairtí poblachtach é Sinn Féin. Bhuaigh Sinn Féin 73 suíocháin as 105 in Olltoghchán 1918 agus iad ag maoimh nach nglacfadh siad pairt i bParlaimint na hImpire i Londain. I dtus 1919, bhunaigh feisiri Sinn Féin Dáil Éireann i 1919, d'fhógair sí a neamhspleáchas agus d'fhógair sé Cogadh ar aon fhórsa iasachta sa tír. I rith Chogadh na Saoirse, ba é Sinn Féin a stiúraigh an rialtas reabhloidach. Tar éis shíniu an Chonartha, scoilt an pairtí i ndá chuid - an tromlach i bhfabhar an Chonartha, le 64 vota sa Dail, agus mionlach mor ina aghaidh, le 57 vota.

[athraigh] An Triú Sinn Féin

Tugadh an Triú Sinn Féin ar an cuid Sinn Féin a bhí in aghaidh an Conartha. Ghlac an dream a bhi i bhfabhar na Conartha Cumann na nGaedheal mar ainm orthu fein. Throid an dá thaobh i gcoinne a chéile i rith Chogadh Cathartha na hÉireann. Bhuaigh lucht an Chonartha ach níor ghlac an taobh lena dhlisteanas. Níor aithnigh Sinn Féin an Dáil nó an rialtas SaorStát. Faoi cheannas Eamon de Valera, ní ghlac an páirtí páirt sa railtas Saorstát, an Dáil. De réir an bheartais seo, chiall sé a lán vótóirí. Chomh maith le sin, chaill Sinn Féin a lán deiseanna chun brú a chur ar Chumann na nGaedheal toisc nach raibh siad sa Dáil. Thuig De Valera é sin agus mheas se go mb'fhearr páirt a ghlacadh sa Dáil. Mar sin, chuir sé vota ar bun faoin gceist agus nuair a theip ar a mholadh, d'fhág sé an pairtí agus bhunaigh sé Fianna Fáil.

[athraigh] An Ceathrú Sinn Féin

Níor fágadh sa pháirtí ach dream beag, coimeádach i ndiaidh na scoilte le De Valera. Bhi drochghaola idir an páirtí agus Óglaigh na hÉireann, an fórsa ba thábhachtaí agus ba threise i bhfad sa pholaitíocht phoblachtach. Ar deireadh, i 1939, tháinig an páirtí agus an t-arm chun réitigh, ach chuir a pholasaí i gcoinne suíocháin a ghlacadh sa Dáil bac mór ar fhás an pháirtí.

Sna seascaidí, thiontaigh gluaiseacht na poblachta chun an chlé, ag glacadh le hanailís Marxach ar chás na hÉireann. Ni raibh iomlán na gcomhaltai sásta leis an chasadh seo, agus ag Árd-Fheis an pháirtí i 1970, scoilt sé arís nuair a d'fhág an eite náisiúnach traidisiúnta chun Sinn Féin Sealadach a chur ar bun.

[athraigh] An Cúigiú Sinn Féin

Is é Sinn Féin Sealadach an cúigiú Sinn Féin agus is é an Sinn Féin atá againn anois. Ba é an taobh poilitiúl don IRA i rith na Trioblóidí sa Tuaisceart. Ruairí Ó Brádaigh a bhi ina cheannaire air i dtosach agus anois is é Gerry Adams an ceannaire. O na hochtoidi i leith, thainig claochlu mall ar sheasamh pholaitiuil na ceannaireachta, agus iad ag gluaiseacht go bog curamach i dtreo straiteise poilitiúla in ionad meáin foréigineacha. Mar thoradh air sin, scoilt an páirtí dhá uair eile, an chead uair i 1986 nuair a ghlac se le moladh na ceannaireachta suiochain a lorg sa Dail agus d'fhag an Bradach agus companaigh leis chun Sinn Féin Poblachtach a chur ar bun, agus an dara uair nuair a bhunaigh dream beag a bhi i gcoinne an sos cogaidh an Fíor-IRA. Ach chuaigh Sinn Féin Sealadach ó neart go neart sna toghchain, agus sa toghchán is déanaí, Olltoghchán na Breataine Mora 2005, bhuaigh sé 5 suíochán agus is é an pairtí náisiúnaí is mó anois i dTuaisceart Eireann.

[athraigh] Ceannairí

  • Edward Martyn (1905-08)
  • John Sweetman (1908)
  • Art Ó Gríofa (1908-17)
  • Éamon de Valera (1917-22 & 1923-26), níos deanaí ceannaire Fianna Fáil (1926–59)
  • J. J. O'Ceallaigh (1926-31)
  • Brian O'Higín (1931-33)
  • An tAth. Micheál O'Flanagan (1933-35)
  • Cathal Ó Marchadha (1935-37)
  • Margaret Buckley (1937-50)
  • Pádraig Mac Lógáin (1950-53)
  • Tomás Ó Dubhghaill (1953-54)
  • Pádraig Mac Lógáin (1954-62)
  • Tomás MacGiolla (1962-70), níos deanaí ceannaire an Pairtí Oibre (1970-88)
  • Ruairí Ó Brádaigh (1970-83) níos deanaí ceannaire Sinn Féin Poblachtach (1986-anois)
  • Gerry Adams (1983-anois)
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com