An Íoslainn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: - | |||||
Amhrán náisiúnta: Lofsöngur | |||||
Príomhchathair | Réicivíc 64°8′ Thuaidh 21°56′ Thoir |
||||
An chathair is mó | Réicivíc | ||||
Teangacha oifigiúla | Íoslainnis | ||||
Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire |
Poblacht bunreachtúil Ólafur Ragnar Grímsson Halldór Ásgrímsson |
||||
Neamhspleáchas |
Ón Dhanmhairg | ||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
103,000 km² (107ú) 2.7% |
||||
Daonra • Meas. ó 2006 • Daonáireamh 2005 • Dlús |
300,000 (179ú) 299,404 2.89/km² (188ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $10.26 billiún (139ú) $34,600 (11ú) |
||||
Airgeadra | Króna (ISK ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
(UTC+0) (UTC+0) |
||||
Fearann Idirlín | .is | ||||
Glaochód | +354 |
||||
Tír agus oileán í Poblacht na hÍoslainne atá suite san Aigéan Atlantach. Réicivíc an príomhchathair agus is í an cathair is mó.
Is í an Althing parlaimint náisiúnta na hÍoslainne.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Bhí an t-oileán folamh suas go dtí an 9ú haois, nuair a shroich inimircigh ón gCríoch Lochlann, Éire agus Albain an tír. De réir an Íslendingabók (Libellus Islandorum nó Leabhair na hÍoslainnaigh), ba é Ingólfur Arnarson ón Iorua an chéad duine a chuir faoi sa tír, i Réicivíc i 870. Tháinig na Ceiltigh agus na Cruithnigh ag an am céanna, mar sclábhaíthe ar dtús. Ceapann roinnt scoláirí go raibh manaigh Éireannacha ina gcónaí sa tír roimh na Lochlainnaigh.
Bunaíodh an Althing i 930 i dÞingvellir, 45km ó Réicivíc, agus cuireadh tús leis an gComhlathas Íoslannach. Saorstát gan rí ab ea í, suas go dtí an cogadh catharta Sturlungaöld i 1262, nuair a thógadh an tír mar choilíneacht Ioruach. I 1387, bunaíodh aontas nua idir an Danmhairg agus an Iorua, agus bhí an tír faoi riail na Danmhairgaigh. Briseadh an t-aontas i 1814 tar éis an Conradh Kiel, agus bhí an tír ina coilíneacht Dhanmhairgeach.
Glacadh a riail féin i 1904, agus neamhspleáchas i 1918.
[athraigh] Tíreolaíocht
An 18ú oileán is mó sa domhan í an Íoslainn, atá suite san Aigéan Atlantach idir an Ghraonlainn, an Iorua, Éire, Albain agus na hOileáin Fharó. Téann An Ciorcal Artach tríd an t-oileán Grímsey, atá suite in aice leis an cósta tuaisceartach. Páirt den Eoraip is ea í fós, cé go bhfuil an tír scoite ón mhór-roinn.
Oileán bolcánach í an tír, agus tá 10% den tír clúdaithe le h-oighearshruthanna. Tá fiordanna suite sna cóstanna, agus tá an chuid is mó de na cathracha bunaithe orthu.
[athraigh] Achar
- Tír ar fad: 103,000 km²
- Fára: 23,805 km²
- Lochanna: 2,757 km²
- Oighearshruth: 11,922 km²
- Talamh folamh: 64,538 km²
Eolas ón Suirbhé Talamh Náisiúnta na hÍoslainne
[athraigh] Réigiúin
Tá ocht réigiúin san Íoslainn, a úsáidtear i gcúrsaí staitistiúile don chuid is mó. Tá na postcheantair bunaithe ar na réigiúin seo chomh maith.
- Austurland
- Höfuðborgarsvæði
- Norðurland eystra
- Norðurland vestra
- Suðurland
- Suðurnes
- Vestfirðir
- Vesturland
[athraigh] Polaitíocht
Bunaíodh an pharlaimint nua-aimseartha, an Althing, i 1845, ach athbhunaíodh an tionól a bhí ann i 930 ab ea é i ndáiríre. Tá 63 teachtaí sa rialtas sa lá atá inniu ann, agus toghadh iad gach ceithre bliana. Is ceann stáit é an t-uachtarán, ach is é an príomh-aire atá i gceann an rialtas. De gnáth, ní bhíonn aon pháirtí amháin ábalta rialtas a chruthú ina aonar. Mar thoradh, bíonn comhrialtas ann go minic.
Togadh an t-uachtarán gach ceithre blian freisin, bhí an toghchán is déanaí acu i 2004.
[athraigh] Cultúr
[athraigh] Litríocht
Tá roinnt scríbhneoirí rathúila ag an tír, mar shampla Halldór Laxness (é a bhuaigh an Duais Nobel i 1955), Guðmundur Kamban, Tómas Guðmundsson, Davíð Stefánsson, Jón Thoroddsen, Guðmundur G. Hagalín, Þórbergur Þórðarson agus Jóhannes úr Kötlum. Taobh amuigh den tír féin, scríobh W. H. Auden agus Louis MacNeice na Letters From Iceland agus iad ag taisteal tríd an tír i 1937.
[athraigh] Ceol
Tá a gceol traidisiúnta féin ag na h-Íoslannaigh, atá cosúil leis an gceol sna tíortha Nordacha eile. Bhí rath ag cúpla bannaí as an tír, mar shampla Sigur Rós, The Sugar Cubes agus amhránaí as an banna, Björk.