Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Iósaf Stailín - Vicipéid

Iósaf Stailín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ióisiaf Stailín
Méadaigh
Ióisiaf Stailín

Duine den bheirt deachtóirí is míchlúití i stair na fichiú haoise ab ea é Iósaf Viseiriónavaidts Stailín (Rúisis: Иосиф Виссарионович Сталин), a rugadh leis an sloinne Júgaisvílí (Rúisis: Джугашвили, Seoirsis: Ioseb Dzhugashvili, იოსებ ჯუღაშვილი) (18 Nollaig, 1878 - 5 Márta, 1953) sa tSeoirsia, a bhí ina cuid d'Impireacht na Rúise san am. Bhí sé ina cheannaire ar an Aontas Sóivéideach ó lár na 1920í go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1953.

Ba i Gori sa tSeoirsia a rugadh é agus fuair an chuid eile dá theaghlach bás go hóg, rud a d'fhág gur tógadh ina leanbh aonair é. Gréasaí ba ea a athair agus ba ghlantóir í a mháthair. Ní raibh a athair ina cheann maith dó, nó bhí dúil nimhe aige san ólachan, agus ba mhinic é ag tabhairt greidimíní dá mhac. Thug Giúdach i Gori, a raibh a mháthair ina seirbhíseach aige, leabhair d'Ioseb óg agus spreag sé chun léinn é. Thug sé an-taithneamh d'úrscéalta rómánsúla Alexander Kazbeg faoi stair agus laochra na Seoirsia, ach go háirithe. Ag ocht mbliana d'aois dó, chuaigh Ioseb chun na scoile, áit a raibh air féin agus a chomhdhaltaí Rúisis a fhoghlaim. Chuir an buachaill óg an-spéis i mbéaloideas a thíre agus ghlac sé an t-ainm cogaidh Koba nuair a chuaigh sé leis an réabhlóideachas, i gcuimhne ar laoch de chuid an bhéaloidis, a bhí ina phríomhcharachtar i gceann de na leabhair a scríobh Kazbeg freisin. D'éirigh go han-mhaith leis ar scoil agus bronnadh scoláireacht air le staidéar a dhéanamh ar an diagacht i gcliarscoil Tiflis, coláiste de chuid Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise.

San am sin, thosaigh sé ag scríobh filíochta. Foilsíodh dán leis i mbailiúchán de scoth na litríochta as Seoirsis nuair nach raibh sé ach ina dhalta scoile. Ní raibh spéis ar bith ag Stalin sa chreideamh agus ba ghearr go raibh sé ina bhall den ghluaiseacht shóisialach agus é sa chliarscoil. Mar sin féin, deirtear gur fhág an scoil eaglasta a lorg féin ar a smaointeachas agus ar an dearcadh a bhí aige ar "scríbhinní naofa" na gluaiseachta sóisialaí. Chuir sé spéis i saothar Karl Marx agus díbríodh as an scoil é. Chaith sé deich mbliana ag obair go rúnda don ghluaiseacht shóisialach, gabhadh go minic é agus chaith sé seal ar deoraíocht sa tSibéir. Bhí sé dílis do cheannaire na gCumannach Vlaidímír Léinín agus ghlac sé páirt i robáil bancanna chun airgead a bhailiú don pháirtí. Bhí sé ina bhall de lárchoiste na gCumannach ó mhí Eanair 1912. Ba i 1913 a ghlac sé chuige an t-ainm Stalin (ón bhfocal Rúisise сталь/stal, a chiallaíonn "cruach", cosúil le "steel" an Bhéarla) mar ainm cogaidh.


Ceapadh ina eagarthóir ar pháipéar na gCumannach, Pravda, é sa bhliain 1917. Ní léir gur thug sé tacaíocht iomlán do na Cumannaigh sa réabhlóid a bhris amach i Mí Feabhra 1917, ach faoin am ar ghabh Lenin forlámhas ar an rialtas réabhlóideach i Réabhlóid Dheireadh Fómhair bhí Stalin ag tacú go díograiseach leis. Bhí cogadh cathartha ann i ndiaidh do na Cumannaigh dul i gceannas ar an tír, agus bhí Stalin gníomhach ina Choimeasár san Arm Dearg.

Rinneadh Rúnaí Ginearálta an Lárchoiste de Stalin i 1922 agus d'úsáid sé an post sin chun a chumhacht a mhéadú go dtí go raibh sé ní ba chumhachtaí ná duine ar bith eile san Aontas Sóivéadach. Tuairiscítear go raibh alltacht ar Lenin nuair a thuig sé an oiread cumhachta a bhí ag Stalin agus rinne sé iarracht é a ruaigeadh as oifig. Deirtear, fiú, gurb é sin ba chúis leis an teannas néarógach a thug bás Léinín. Ar aon nós, nuair a dheachtaigh Léinín a thiomna polaitiúil don Pháirtí, chuir sé an-bhéim ar chomh dainséarach a bhí sé a leithéid de chumhacht a fhágáil i lámha aon duine amháin. Ón taobh eile de, is iomaí locht a fuair sé ar na ceannairí Cumannacha eile, agus is deacair a rá, an raibh Stalin ag déanamh ní ba mhó scime dó ná an chuid eile acu. Cibé scéal é, nuair a bhí Léinín básaithe, ní dhearna an Páirtí ach a mholadh dó aird a thabhairt ar an gcáineadh a fuair sé ó Léinín. Mar sin, d'éirigh le Stalin smacht a choinneáil ar an bpáirtí agus gach duine eile a bhí ag iarraidh teacht i gcomharbas ar Lenin a dhíbirt.

Agus é ag rialú na tíre, dhírigh Stalin ar an "Sóisialachas in Aon Tír Amháin" a fhorbairt seachas réabhlóid idirnáisiúnta a spreagadh. Rinne sé géarleanúint orthu siúd nár aontaigh leis, go háirithe Leon Trotscaí, a bhí go mór mór i bhfách leis an réabhlóideachas domhanda. Bhí sé an-chumasach ag cur daoine in aghaidh a chéile, agus de réir a chéile bhí deachtóireacht iomlán aige ar an Aontas Sóivéadach. Ní raibh cead ag duine ar bith é a cheistiú, agus thug sé faoi athruithe ollmhóra a dhéanamh ar thalmhaíocht agus ar thionsclaíocht na Rúise agus na dtíortha eile a bhí faoina smacht. Chuir sé sraith de Phleananna Cúig Bliana ar bun chun spriocanna a bhaint amach agus ba mhór an méid a d'fhulaing na milliún daoine, go háirithe faoin tuath, chun mianta Stalin a shásamh. D'éirigh leis an tionsclaíocht a neartú ach bhí toradh an-tubaisteach ar a pholasaí talmhaíochta, mar gur ruaigeadh na milliún feirmeoirí as an talamh chun feirmeacha ollmhóra stáit a chur ar bun, agus bhí gorta ollmhór ar fud na tíre dá bharr.

Bhí arbhar á dhíol thart agus muintir na tuaithe ag fáil bháis den ocras (beart a rinne Mao Tse Tung sa tSín chomh maith níos déanaí). Meastar go bhfuair idir cúig agus deich milliún daoine bás den ocras sna blianta 1932-33.

Rinne Stalin iarracht an eolaíocht agus an t-oideachas a chur chun cinn agus bhí rath áirithe ar a chuid iarrachtaí, ach chuir sé an oiread sin eolaithe agus daoine léannta i bpríosún nó ar deoraíocht nár éirigh lena chuid iarrachtaí go léir. Thairis sin, bhí sé ag iarraidh cúrsaí na heolaíochta a stiúradh de réir phrionsabail an Mharxachais, rud nach raibh ag obair go maith nuair a bhí cúrsaí na bitheolaíochta i gceist. D'fhág sé an bhitheolaíocht faoi Trofim Lysenko, mar shampla, agus bhí brainsí eile na heolaíochta agus an léinn faoi chúram giollaí eile de chuid an deachtóra a bhí i bhfad ní b'fhearr ag déanamh plámáis le Stalin ná ag taighde is ag staidéar. Ba mhinic a caitheadh fíor-shaineolaithe sciliúla i dtóin an phríosúin toisc nach raibh torthaí a saothair ag taithneamh le Stalin ná le lucht a leanúna, agus rinneadh damáiste as cuimse don eolaíocht is don léann san Aontas Sóivéadach.

Rinneadh cos ar bolg ar lucht eaglaise agus leagadh eaglaisí go talamh nó baineadh úsáid nua astu. Cuireadh ealaíontóirí agus scríbhneoirí faoi smacht nó díbríodh iad chomh maith.

Bhí sé de nós ag Stalin oifigigh agus ceannairí a pháirtí féin a chur faoi chois agus a dhíbirt ó am go ham chomh maith chun daoine a choinneáil faoi sceimhle agus dílis dó féin. Bhí droch-cháil ar na trialacha taispeántais a chuir Stalin ar bun chun imeaglú a dhéanamh ar a pháirtí féin agus ar an bpobal i gcoitinne. Ach mar sin féin bhí ardmheas ag cuid mhaith d'intleachtóirí na hEorpa air agus cuireadh páirtithe Cumannacha ar bun ar fud an domhain a ghlac le hordaithe as Moscó. Bhunaigh sé eagraíocht idirnáisiúnta ar ar tugadh an Comintern chun an cumannachas a chur chun cinn ar fud an domhain. I measc na ndreamanna a fuair tacaíocht ó Stalin bhí Cumannaigh na Spáinne – chuir sé gunnaí agus eitleáin chucu le linn an chogaidh chathartha sa tír sin, ach ba mhó an bhéim a bhí aige ar throid leis na dreamanna eile sa phoblacht ná le fórsaí Franco.

Cé go raibh Stalin naimhdeach i leith ceannairí faisisteacha na hEorpa rinne sé conradh síochána le Hitler sa bhliain 1939 agus é ag súil go rachadh an Ghearmáin chun cogaidh le tíortha an Iarthair, rud a lagódh an dá thaobh agus a thabharfadh an deis dó a chumhacht a mhéadú ar fud na hEorpa. Roinn an Ghearmáin agus an Rúis tíortha oirthear na hEorpa eatarthu, agus rinne Stalin ionradh ar an Fhionnlainn i mí na Samhna 1939. Níor éirigh go ró-mhaith leis an gCogadh Geimhridh seo agus léirigh sé nach raibh na fórsaí Sóivéadacha réidh chun cogadh nua-aimseartha a fhearadh.

Ar an 5 Márta 1940 shínigh giolla Stalin, Beriya, ordú chun os cionn 25,000 oifigeach de chuid na Polainne a mharú i Katyn.

Bhris Hitler a chonradh le Stalin i mí Meithimh 1941 agus rinne ionradh ar an Aontas Sóivéadach i bhFeachtas Barbarossa. B'eol do Hitler go raibh sé i gceist ag Stalin ionsaí a dhéanamh ar an nGearmáin agus thapaigh sé an deis chun an chéad bhuille a bhualadh nuair nach raibh arm na Rúise réidh fána choinne.

Is liosta gan áireamh na ciníocha agus na náisiúin a ndearna Stalin géarleanúint orthu, agus níor éalaigh na Giúdaigh féin ach oiread le dreamanna eile.




Vicipéid
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com