Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Dave Grohl - Vicipéid

Dave Grohl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dave Grohl ag an Fleá Cheoil Roskilde i 2005
Méadaigh
Dave Grohl ag an Fleá Cheoil Roskilde i 2005

Is ceoltóir rac-cheoil é Dave Grohl (rugadh David Eric Grohl ar 14 Eanáir 1969, i Warren, Ohio, SAM). Is giotáraí agus amhránaí é Grohl sa bhanna Foo Fighters, agus roimhe sin ba dhrumadóir é sa bhanna Nirvana. Is ceoltóir gnóthach é Grohl, agus sheinn sé freisin leis na mbannaí Queens of the Stone Age, Killing Joke, Nine Inch Nails, Garbage, Cat Power agus a scéime miotal troim féin Probot. Tugtar an teidal "an fear deas i rac-cheol" do Grohl.

Clár ábhair

[athraigh] Saol

Rugadh Grohl i mbaile beag Warren i 1969. Iriseoir ab ea é a athair James, agus múinteoir Béarla í a mháthair Virginia. Bhí deirfiúr amháin aige, Lisa, a bhí níos óige. I 1972, chuaigh an clann chun chónaigh i Springfield, Virginia in aice le Washington, D.C.. Fuair a thuismitheoirí colscaradh i 1975, agus d'fhan Grohl ina chonaí leis a mháthair Virginia. Bhí an rud sin i gcoitianta aige le Kurt Cobain agus Krist Novoselic níos déanaí. Bhí suim ag Grohl i gceol i gcónaí. Amhránaí amaitéarach ab ea í a mháthair, agus sheinn a athair an fheadóg mhór. D'éist siad le go leor saghsanna éagsúla ceoile. Bhí giotár acu sa teach, ach ní raibh aon suim ag Grohl ar dtús. Ach nuair a bhí sé deich mbliana d'aois, thosaigh sé ag baint trial as. D'fhoghlaim sé an t-amhrán Smoke on the Water, ón bhanna Deep Purple, agus sheinn Grohl óg an t-amhrán sin arís is arís. D'aontaigh sé dul chun ceachtanna a dhéanamh nuair a bhí gach guine tuirseach leis. Lean sé ar aghaidh leis na ceachtanna ar feadh blian amháin. Bhí Grohl ábalta amhráin a fhoghlaim ina aonair freisin, agus d'fhoghlaim sé amhráin ó The Beatles agus na bannaí móra eile. Ag an am seo, thosaigh Grohl ag cur a amhráin féin ar chaiséad leis a chara.

Fuair Grohl a chéad giotár leichtreach i 1981, mar bhronntanas Nollaig. Silvertone le aimplitheoir ionsuite ab ea é, ach i gcúpla míonna bhí sé briste. Cheannaigh sé ceann nua, cóip Les Paul saor. Ag an am sin, bhí Grohl ag éirí compórdach mar ghiotáraí agus thosaigh sé ag seinm i bhanna beag le buachaillí eile as a chomharsanacht. Sheinn siad amhráin ó The Rolling Stones, The Who agus bannaí mar seo. Sheinn siad taispeántas amháin.

Sa samhradh 1982, thug Grohl agus a chlann cuairt ar a chol cheathrair in Evanston, Illinois. Bhí iontas air nuair a bhuail sé leis a chol ceathar Tracey, agus í gléasta mar punk. Sin a bhí chéad eachtra Grohl le punk rac. Bhí a lán ceirníní agus irisí ag Tracey, agus ba dhuine difriúl é Grohl nuair a fhill sé abhaile. Thosaigh sé ag dul chun bannaí punk a fheiceáil, mar shampla Naked Raygun. Thosaigh sé ag seinm le banna punk áitiúl Freak Baby i 1984. Rinne siad ceirnín beag le léiritheoir agus cara Grohl Barrett Jones, agus sheinn siad sa scoile cúpla amanna. Ní raibh drumadóir an banna ró-mhaith, agus mar thoradh ba mhaith le Grohl trial a bhaint as. Drumadóir nádúrtha ab ea é. Thaitin an banna Led Zeppelin go mór leis, agus i gceann tamall bhí laoch nua aige, drumadóir John Bonham. Mar thoradh, fuair Grohl tatú in onóir Bonham. Chuaigh Grohl isteach i bhanna nua, Mission Impossible, mar dhrumadóir. Sheinn siad rac-cheol trom agus gasta, agus bhí rath beag áitiúl acu. Dúirt Ian MacKaye gur thaitin an banna leis, agus sheinn siad le bannaí a bhéadh cáiliúl níos déanaí, mar shampla Girls Against Boys. Tar éis Mission Impossible, thosaigh Grohl banna nua Dain Bramage leis an dord-ghiotáraí as Mission Impossible. Scríobh siad a lán amhráin le chéile, agus d´fhoghlaim Grohl a lán rudaí faoi chumadóireacht. Rinne siad ceirín ahmáin, I Scream Not Coming Down.

[athraigh] Scream

Ag an am seo, bhí Grohl ina thacaí don bhanna punk Scream. Bhí a lán bannái ag teacht amach as Washington, D.C., agus ba é Scream ceann de na bannái is maithe. Bhí Scream le chéile ó 1979, agus bhí cúpla ceirníní acu. Cheannaigh Grohl na ceirníní, agus chuaigh sé chun iad a fheiceáil cúpla amanna. Laochanna ab ea iad, don leaid óg. Fuair Grohl amach go raibh Scream ag lorg drumadóir nua. Chuir sé glaoch ar Franz Stahl, giotáraí den bhanna. Cheap Grohl go mbéadh onóir é seinm leis an mbanna seo, fiú amháin cúpla nóiméad. Bhí fhios aige nach raibh sé ceart don bhanna, mar bhí sé ach sé bhliain déag d'aois. Dúirt Grohl go raibh sé fiche, agus chuaigh sé chun cleacht leis a laochanna. Bhí aithne ag Grohl ar na amhráin Scream go leor, agus cheap an banna go raibh sé go h-iontach. Go tobann, d'iarr Stahl air teacht isteach sa bhanna. Bhí áthas an domhan ar Grohl, ach ní raibh sé éasca a bhanna sean a fhágáil. Ag an nóiméad deireanach, dúirt Grohl nach raibh sé ábalta a chairde i Dain Bramage a fhágáil. An seactain ina dhiaidh, chuaigh Grohl chun Scream a fheiceáil ag ceolchoirm. Cheap sé go raibh siad go h-iontach, agus ní raibh sé ábalta an seans a dhiúltiú. Mar sin, d'fhág sé Dain Bramage agus drumadóir nua Scream ab ea é as seo amach.

San Earrach 1987, chuaigh Grohl isteach sa stiúideo le Scream chun an No More Censorship LP a dhéanamh. Bhí conradh acu le Ras Records, comhlacht a rinne ceol reggae. Bhuail siad an bhóthair san fhómhar ar a gcéad turas Meiriceánach. Ní raibh a lán airgead acu, ach eachtra maithe ab ea é. Chuaigh Grohl go h-áiteanna nua agus fuair sé a lán cairde nua. Bhí a fhios aige anois go ndearna sé an rogha cheart nuair a fhág sé Dain Bramage. I mí Feabhra 1988, chuaigh Scream go dtí an Eoraip freisin, agus sheinn siad san Ísiltír, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Spáinn, Sasana agus san Críoch Lochlann. Fuair siad a lán tacaíocht agus rinne siad cúpla albaim nua, Live at Van Hall in Amsterdam agus Live in Germany. Nuair a bhí am saor aige, chuaigh Grohl abhaile go dtí Virginia agus rinne sé ceirníní beaga leis a chara Barrett Jones. D'úsaíd Scream cúpla de na amhráin seo, agus d'úsáid Grohl cúpla eile níos déanaí. Chuaigh an banna ar ais go hEoraip san Earrach 1990, agus sheinn siad gach lá ar feadh cúpla seachtaine. D'fhill siad ar ais abhaile, tuirseach agus gan airgead. D´fhág an dhord-ghiotáraí Skeeter Thompson an banna, agus bhí fhios ar Grohl gur mhaith leis rud nua a fháil.

[athraigh] Nirvana

Bhí Grohl i Los Angeles, gan banna agus gan airgead. Chuir sé glaoch ar a chara Buzz Osbourne, as an banna The Melvins. Dúirt Osbourne go raibh aithne aige ar an bhanna Nirvana, agus go raibh siad ag lorg drumadóir nua. Chonaic Cobain agus Novoselic Grohl ag seinm am éigean le Scream, agus cheap siad go raibh sé go h-iontach. Ní raibh a lán eolas ag Grohl faoin bhanna seo, ach bhí sé sásta dul go dtí Seattle agus triail a bhaint as. Bhuail sé le Cobain agus Novoselic ag an aerphort i Seattle. Bhí iontas ar Ghrol ar dtús, ag caint leis an dord-ghiotáraí ollmhór callánach Novoselic, agus an ghiotáraí bídeach cíúin Cobain. Cúpla corr ab ea iad. Chuaigh Grohl chun an bhanna a fheiceáil san Motor Sports Garage, le Danny Peters ón bhanna Mudhoney ar na drumaí. A lá ina dhiaidh, sheinn Grohl cúpla amhráin as an albam Bleach le Cobain agus Novoselic, agus fuair sé an phost.

Ag an am seo, bhí Nirvana ar bhruach cáil mór. Le Grohl ar na drumaí, bhí siad ábalta rudaí nua a dhéanamh. Drumadóir gasta agus láidir ab ea e, agus chuir sé fuinneamh nua sna h-amhráin agus san bhanna. Bhí roinnt amhráin nua scríobhta aige, agus bhí siad i bhfad níos láidire le Grohl ar na drumaí. Thosaigh siad ag ullmhaigh a h-albam nua, le léiritheoir Butch Vig i Wisconsin. Fuair siad conradh mór nua le DGC Records, agus san Earrach 1991 chuaigh siad isteach sa stiúideo chun an t-albam nua a dhéanamh. Rinne siad an albam i Los Angeles, le Butch Vig. Ar an albam seo, is féidir a chloisteáil an t-éifeacht a bhí ag Grohl ar an bhanna. Rath mór ab ea é an albam Nevermind, agus go tobann ba é Nirvana ceann de na bannaí is móra ar dhomhain. Thosaigh siad ag seinm in áiteanna i bhfad níos móra, bhí said ar an raidió agus an teilifís agus bhí siad ag fáil duaisenna ó MTV agus daoine mar seo. Tréimhse spóirtiúl ab ea é, ach crua agus tuirsiúil chomh maith.

Lean Grohl ar aghaidh ag teacht ar ais go dtí Virginia nuair a bhí aon am saor aige. Ní raibh Nirvana ar an mbóthair i gcónaí, agus bhí tréimhsí ina raibh Cobain tinn. Bhí Grohl ag scríobh amhráin an am ar fad, agus rinne sé albam beag le Barrett Jones. Níor mhaith le Grohl na amhráin a úsáid le Nirvana, agus mar thoradh thug sé an t-ainm Pocketwatch air, agus d'úsáid sé an t-ainm bréige Late!. Ar Phocketwatch, bhí na amhráin Winnebago a úsáid Grohl níos déanaí le Foo Fighters, agus an amhrán Marigold a bhéadh ar an taobh eile den shingil Nirvana Heart-Shaped Box.

Chuaigh Nirvana ar fud an domhain tar éis an t-albam Nevermind, ach bhí giotár ag Grohl i gcónaí. Nuair a fhill siad abhaile, chuaigh Grohl ar ais sa stiúideo, le Jones arís. D'úsáid Grohl na h-amhráin níos déanaí. Rinne Nirvana an t-albam nua In Utero, agus scríobh Grohl cúpla rudaí air. Scríobh sé píosa giotár san amhrán Scentless Apprentice, agus sheol siad amach an amhrán Marigold.

Bhí roinnt rath ag an t-albam In Utero. Chuaigh Nirvana amach arís ar thuras, agus rinne siad an t-albam MTV Unplugged in New York. Ach bhí stáit an bhanna ag éirí go dona. Bhí argóint acu faoi airgead, agus bhí fearg agus imní ar Grohl le mí-úsáideach druganna Cobain. Bhain Grohl triail as druganna éagsúla ag amanna éigean, ach níor thuig agus níor aontaigh sé le cad a bhí Cobain ag déanamh. I mí Aibreán 1994, tháining deireadh an banna le féinmharú Cobain.

[athraigh] Foo Fighters

Tar éis bás Cobain, chaill Grohl a shuim i cheol ar feadh tamaill. Phós sé a chailín Jennifer Youngblood. Fuair sé cárta poist ón bhanna eile as Seattle, Seven Year Bitch, banna a chaill ball tríd druganna freisin. Thug siad misneach do Grohl lean ar aghaidh. Sheinn sé le Tom Petty and the Heartbreakers, ach ní raibh sé sásta le seo. Roghnaigh sé an amhráin is fearr, agus chuaigh sé ar ais sa stiúideo le Barret Jones. Toradh ab ea albam láidir nua. Sheinn Grohl gach uirlis, agus chan sé gach amhrán. Bhí an rud ar fad déanta aige i seachtain. Ar dtús, níor mhaith leis an ainm a chuir ar an t-albam. Ba mhaith leis teideal a chuir air, Foo Fighters. Cheapfadh daoine gurb banna é, agus bhéadh Grohl ábalta a bhfreagairt a fheiceáil gan aon obair le déanamh. Ach bhí a lán suim san albam, agus anois bhí seans nua ag Grohl banna a chur le chéile, agus a bheith ábalta an giotár agus canadh a dhéanamh. Bhuail sé le Nate Mendel agus William Goldsmith, agus tháinig siad isteach sa bhanna nua mar bhí a mbanna Sunny Day Real Estate ag briseadh suas in aon chor. Thaitin an t-albam le Pat Smear freisin, an ghiotáraí a sheinn le Nirvana sna míonna deireancha. Anois, bhí banna agus albam nua ag Grohl. Sheoladh an t-albam Foo Fighters amach i 1995.

Bhí rath ag an t-albam nua, agus chuaigh Foo Fighters ar fud an domhain ag seinm. Bhí fhios ag Grohl go mbéadh sé "an drumadóir as Nirvana" i gcónaí, ach lean sé ar aghaidh agus tar éis tamall ghlacadh é mar cheoltóir ina aonar. Rinne sé amhrán don clár teilifís X-Files, agus bhí Grohl agus a bhean céile le feiceáil i eipeasóid amháin i 1996. I 1997, chruthaigh Grohl ceol nua don scannán Touch. Bhí fadhbanna idir Grohl agus Goldsmith i rith an albam nua, The Colour and the Shape. Cheap Grohl nach raibh obair Goldsmith go maith, agus sheinn sé féin cúpla amhráin arís ar na drumaí. Bhí fearg ar Goldsmith, agus d´fhág sé an bhanna. Sa deireadh, sheinn Grohl ar an chuid is mó den albam. Albam mór ab ea é, agus ráiteas láidir chomh maith. Fuair Grohl colscaradh ag an am céanna. Fuair siad drumadóir nua Taylor Hawkins, a bhí ag seinm ag an am seo le Alanis Morisette. I mí Meán Fómhair, d'fhág Smear an bhanna agus tháinig Franz Stahl as Scream isteach ina áit. Ní raibh Stahl ábalta a bheith compórdach sa bhanna, agus d'fhág sé freisin. Fuair Chris Shifflet an phost níos déanaí. D'fhill Grohl abhaile chun an t-albam There is Nothing Left to Lose a dhéanamh i 1999. Sheol siad amach an albam 1x1 i 2002, agus an t-albam dúbáilte In Your Honour i 2005.

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com