Marlene Dietrich
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marlene Dietrich (1901-1992) Amhránaí agus aisteóir gearmánach den scoth a rugadh Mí na Nollag 1901, d'fhás sí aníos i mBerlin. Do bhí fonn uirthi bheith ina veidhleadóir ach ag an deireadh thiar thall chuaigh sí leis an gcórlín. On dtoseach sin, chuaigh sí chuig an aisteóreacht, i dtús baire san amharclann, faoin stiúrthóir Max Reinhardt. Do bhí a céad rolla ar an scáleán mór sa scannán Der Blaue Engel, scánnan ina raibh sise ag déanamh an rolla Lola Lola, damhsóir i "gentleman's club" áitiúil. Muna raibh sé soiléir cheanna, do dhearbhaigh an rolla sin go mbeadh páirt lárnach ag a tarraingeacht ghnéasúil sa dtodhchaí.
Nuair a d'aistrigh sí go Hollywood do bhí an-cháil uirthi mar aisteor agus niorbh fhada nó go raibh sí ag glacadh páirt i mór scannáin arís. Ag an am céana, do bhí an Dara Cogadh Domhanda ar tí a thoseachta. Ní raibh mórán ama aici dona Naistis agus nuair ba feidir lei, rinne sí a dícheall chun é sin a thaispeáint. Sheinn sí do na trúpaí comhghuaillaithe ag an bhfront agus sna SA ghlac sí páirt ag bailiú airgid don Arm.
Is as an dtreimhse sin a tháinig an amhrán cáiliúl sin, Lili Marlene, amhrán a bhain ardmheas amach ar gach taobh den láir chatha, idir Chomhguaillithe agus Naitsíoch.
Theis an chogaidh, do chaith sí cuid mhór dá ham sa saol chabaret, ag seinm agus ag taistil na cruinne.
Fuair sí bás i 1992.