Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Iúil Caesar - Vicipéid

Iúil Caesar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Busta de Iúil Caesar
Méadaigh
Busta de Iúil Caesar

Bhí Iúil Caesar (i Laidin Caius Iulius Caesar; 13 Iúil, 100 RC - 15 Márta, 44 RC) ina ghinearál, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir sa tSean-Róimh. Bhí sé ina bhall den chéad triúracht, agus ina dhiaidh sin, bhain sé amach deachtóireacht na Poblachta Rómhánaí. Bíonn a chuid scríbhinní, go háirithe an leabhar a scríobh sé faoin gcogadh Gailleach, á stáidéar fós ag scoláirí Laidine agus ag staraithe míleata.

Clár ábhair

[athraigh] An Saol

[athraigh] A Ghinealas

Fear de phór uasal ab ea é Caius Iulius Caesar, nó bhí baint aige le muintir Iúil nó gens Iulia, ceann de na teaghlaigh ba sine agus ab uaisle sa Róimh. Chreid muintir Iúil go raibh gaol acu le Ascanius-Iulus, mac Aeneas. B'é Aeneas bunaitheoir na Róimhe, de réir mar a mhaígh seanscéal Rómhánach, agus b'í an baindia Véineas féin máthair Aeneas, má b'fhíor don tseanscéal chéanna. Leis an nginealas diaga seo a urramú, thóg Iúil Caesar teampall nua don bhandia sin, nuair a bhí sé i gceannas ar an Róimh, sa bhliain 45 r.Chr.

Ní raibh fáltas ná tionchar polaitiúil ag dul leis an mórtas cine seo, nó le fírinne, ní raibh ag éirí go rómhaith le muintir Iúil sna cúrsaí polaitíochta ná sa saol gnó. Sa bhliain 451 r. Chr., bhí fear arbh ainm dó Caius Iulius Iullus ar fhear de na deichniúraithe nó decemviri, a bhí le malairt cuma a chur ar an Róimh ar fad. Sa chéad dhá chéad bliain eile, ní raibh ach beirt fhear de mhuintir Iúil ina gconsail. Bhí athair Caius Iulius Caesar ina phraetóir sa bhliain 92 r. Chr. Bhí gaolta le Caesar ina gconsail agus ina gcinsirí (is é sin, ina ndaonáiritheoirí), freisin. Nuair a chuaigh Caesar le polaitíocht, b'é an ginealas a dheimhnigh go rachadh sé leis na Populares, le páirtí an phobail. Mar shampla, bhí a uncail Caius Marius ina ghinearál a chloígh an dá threabh bharbartha úd Cimbri agus Teutoni, agus é i gceannas ar pháirtí an phobail sa seanad chomh maith.

[athraigh] An Chéad Tosach sa Pholaitíocht

Sa bhliain 84 r. Chr., phós Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail Lucius Cornelius Cinna, a raibh baint aige le páirtí na bPopulares chomh maith. Sa bhliain chéanna, bhain Caesar amach oifig thábhachtach mar Flamen Dialis, is é sin, príomhshagart Iúpatair.Bhí leas mór inbhainte as an oifig seo i gcúrsaí polaitíochta freisin. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le Lucius Cornelius Sulla deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na nOptimates, is é sin, páirtí na huasalaicme, fuair Caesar é féin i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na Populares, mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar colscaradh a fháil ó Cornelia, ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin, thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh dúnmharú polaitiúil ag bagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a sheachnadh taobh amuigh den phríomhchathair.

Bhí fáilte roimhe sna fórsaí armtha, ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí díreach ag coinneáil súil ar chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann). thar cionn Sulla. Nuair a bhí cathair Mytilene in oileán Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí Thermus, bronnadh an corona civica nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar - b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ón mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh airsean. Chaith sé tréimhse chomh fada ag comhlíonadh an mhisiúin taidhleoireachta seo is go raibh sé ina scéilín ag daoscarshlua na Róimhe ina dhiaidh sin go raibh cumann homaighnéasach ag Caesar leis an rí.

Sa bhliain 78 r. Chr., fuair Sulla bás, agus d'fhill Caesar go dtí an Róimh le dul le polaitíocht in athuair. Mar ba ghnách sa Róimh ag an am, rinneadh ionchúisitheoir agus mionstátseirbhíseach - duine de na vigintisexviri - de mo dhuine. Ina ionchúisitheoir dó, chúisigh sé an t-iar-chonsal Cnaeus Cornelius Dolabella, duine de lucht leanúna Sulla. Tuigeadh do mhuintir na Róimhe go raibh Caesar i ndeabhaidh le páirtí Sulla i gcónaí.

Le teitheadh ó fhuath mhuintir Sulla, chinn Caesar ar an Róimh a thréigean arís. Ní dheachaigh sé i machaire an áir an uair seo, ámh. Is é an rud a rinne sé ná aghaidh a thabhairt ar Oileán Ródaise sa Ghréig, le reitric agus deisbhéalaí a fhoghlaim ó mháistir aitheanta na ceirde, Mólan. Níor tháinig sé a fhad le scoil Mhólain riamh, áfach, nó cheap foghlaithe mara é agus chimigh é le hairgead a fhuascailte a éileamh ar a mhuintir. Deirtear gur chuala Caesar iad ag rá go raibh cuma an bhoic mhóir ar an gcime, agus go raibh siad le fiche tallann óir a iarraidh. Bhí Caesar den tuairim nach rachadh sé a phraghas ceart ar fiche tallann óir, áfach, agus é ag áitiú ar na foghlaithe mara nach mbeadh sé as cosán caoga tallann óir a ghearradh as ucht a fhuascailte. San am céanna, dúirt sé leis na foghlaithe go gcrochfadh sé gach mac máthar acu ar chrois, dá mbeidís chomh hamaideach lena gcime a scaoileadh saor beo. Mar sin féin, níor thug na foghlaithe aird ar an rabhadh seo. Fuair siad an caoga tallann óir, agus nuair a d'éirigh le Caesar gairm a chur ar a dhóthain saighdiúirí, chuaigh sé ar lorg na bhfuadaitheoirí. Chimigh sé iad sa deireadh agus chuir sé beart lena bhagairt, nó chéas sé na foghlaithe mara ar chrois. Ó bhí siad ina gceanna maithe dó fad a bhraighdeánais, áfach, bhris sé a gcuid cos sular crochadh ar chrois iad, le go mbeadh siad níos luaithe ag saothrú an bháis.

[athraigh] An Fód á Dhéanamh aige

I dtús na bliana 73 r. Chr., ceapadh Caesar ina dhuine de na Pontifices, is é sin, ina bhall de chomhairle na sagart. Tháinig sé i gcomharbas ar fhear a bhí gaolmhar leis, darbh ainm Caius Aurelius Cotta, agus é díreach tar éis bháis. Sa bhliain 69 r. Chr., d'éirigh leis céim an chaestóra a fháil. B'í an chaestóireacht an chéim ab ísle de na hoifigí fíorthábhachtacha - an cursus honorum nó cúrsa na n-onóracha - sa tsean-Róimh.

Sa bhliain 68 r. Chr., bhásaigh Cornelia, bean chéile Caesar. Ansin, thug sé grá na hailpe do chailín saibhir de mhuintir Sulla, Pompeia, agus é ag baint a leasa as a cuid airgid le teacht ar aghaidh sa pholaitíocht. Sa bhliain 65, ceapadh ina aedíleach curúlach é, agus sa bhliain 63, rinneadh Pontifex Maximus de - is é sin, ardsagart na ndéithe go léir. (Inniu, ar ndóigh, tugtar Pontifex Maximus ar an bPápa, ach tá an chéimíocht níos sine ná an Chríostaíocht.)

San am seo, bhí an Róimh ar coipeadh le ráflaí faoi chomhcheilg Catilina, cineál "Mafia" nó eagraíocht rúnda a bhí bunaithe ag Lucius Sergius Catilina le teacht i gcumhacht sa Róimh. Bhí cuid mhór de mhaithe is de mhóruaisle na Róimhe sáite sa chomhcheilg, agus amhras ar na daoine faoi Iúil Caesar féin, ó bhí caidreamh éigin aige le Catilina roimhe seo. Mar sin féin, d'éirigh le Caesar an drochamhras a scaipeadh. Sa bhliain 62, bhain Caesar amach céimíocht an phraetóra, ceann de na hoifigí ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe. Bhain mí-ádh pearsanta dó, áfach, nó b'éigean dó colscaradh a fháil óna bhean chéile, Pompeia, i ndiaidh scannail a chaith amhras na mígheanmnaíochta uirthise.

B'é an chéad oifig thábhachtach a bhí ag Caesar taobh amuigh den Róimh ná próphraetóireacht na Spáinne. Chuir sé cogadh ar na hIbéirigh go fíochmhar, rud a thuill clú an straitéiseora mhaith dó agus a chuidigh leis bail a chur ar a chúrsaí airgeadais arís, chomh báite is a bhí sé i bhfiacha sula bhfuair sé an phróphraetóireacht. Mar sin, bhí sé in inmhe cur isteach ar an oifig ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe, is é sin, an chonsalacht.

Is iomaí Seanadóir a bhí míshásta le huaillmhian chonsalachta Caesar, agus leis an ród roimhe a réiteach, chuaigh Caesar i gcomhghuaillíocht le beirt sárachán eile, mar atá, Marcus Licinius Crassus agus Cnaeus Pompeius Magnus. B'í seo an chéad Triúracht, nó "an t-arrachtach tríchloigneach", mar a dúirt Varro. Tháinig an t-airgead (Crassus), an oirbheartaíocht mhíleata (Pompeius) agus an tionchar polaitiúil (Caesar) le chéile sa triúracht seo. Leis an gcomhghuaillíocht a dhaingniú, phós Pompeius iníon Caesar, Iulia.

Bhí an triúracht in ann an chonsalacht a bhaint amach do Caesar sa bhliain 59 r. Chr. Bhí cuid mhór de na Seanadóirí ag cur ina aghaidh mar sin féin, agus d'fhéach siad fiú le hé a tháinseamh as an oifig. Ós rud é gur bronnadh próchonsalacht cúig bliana air le go mbeadh sé in ann cogadh a chur ar na hIllírigh agus ar na Gailligh, ní raibh seans ag a chuid naimhde an dlí a chur air, mar a theastaigh uathu. Faoin am a fuair sé cumhachtaí an chonsail, phós sé arís. Calpurnia a bhí ar an mbrídeog, agus bhí sí ar an tríú bean chéile a bhí ag Caesar.

[athraigh] An Phróchonsalacht agus Cogadh na Gaille

Is é is brí le "próchonsalacht" ná fadú na tréimhse a chaithfidh an consal i mbun a oifige - de ghnáth, ní mhairfeadh an chonsalacht thar aon bhliain amháin, ach bhí sé de nós ag na Rómhánaigh cumhachtaí an chonsail a bhronnadh ar ghinearáil an airm go ceann tréimhsí ní b'fhaide. Chuir an phróchonsalacht ar chumas Caesar arm a fhruiliú, agus thosaigh sé ag cur cogaidh ar na Gailligh lena dtír a fhorghabháil don Róimh.

D'éirigh leis an triúracht tuilleadh a chur le tréimhse próchonsalachta Caesar, nó bhí consalacht ag Crassus agus Pompeius araon sa bhliain 55 r.Chr. Mar sin, chaith Caesar deich mbliana ar fad ina phróchonsal ag cogaíocht sa Ghaill. D'éirigh le Caesar iomlán na Gaille a shealbhú, a fhad leis an Réin. Bhí sé in ann an-bhuntáiste a ghlacadh ar easaontacht na nGailleach le chéile. Bhí treibh ag cur cogaidh ar threibh sa Ghaill, agus cuid mhaith de na treibheanna sásta comhoibriú le Caesar in aghaidh a gcuid comharsana. Dá thoradh sin, bhí Caesar in ann na Gailligh a chloí de réir a chéile, gan cogadh a chur ar an iomlán dearg acu riamh.

Bhí Caesar chomh dána dásachtach is gur rith leis sluaíochtaí míleata a dhéanamh go dtí an Ghearmáin agus an Bhreatain, rud a tharraing súil na Róimhe air, nó bhí na Rómhánaigh aineolach ar fad ar na críocha seo ag an am. Chinn Caesar sa deireadh gan gabháltas a dhéanamh orthu, agus níor thit an Bhreatain leis na Rómhánaigh ach céad bliain níos deireanaí. An teorainn a fheicimid idir an Fhrainc agus an Ghearmáin inniu, tá sí suite san áit ar fhág Caesar í, a bheag nó a mhór.

Is féidir a mhaíomh gur maraíodh milliún Gailligh le linn an chogaidh a chuir Caesar ar an nGaill. Fuair milliún eile iad féin cimithe i ndaoirse agus i ndaorbhroid. Chuir Caesar a chuid eachtraí sa Ghaill i míotar sa leabhar is cáiliúla dá chuid, mar atá, Commentarii de bello Gallico - Tráchtaireacht ar chogadh na Gaille. An t-eolas atá againne ar chogaíocht na Rómhánach, tháinig cuid nach beag de chugainn ón leabhar seo. Leabhar bolscaireachta a bhí ann go bunúsach, lena chruthú don tSeanad go raibh údar ceart leis an gcogadh. Thairis sin, b'í an leabhar seo a chuir ar a súile do na Rómhánaigh an chéad uair gur dhá phobal éagsúla ab ea iad na Ceiltigh agus na Gearmánaigh. Roimhe sin, shíl na Rómhánaigh nach raibh i gceist leis na Gearmánaigh ach ceann de na treibheacha Ceilteacha.

B'é Vercingetorix an taoiseach ba mhó a chuir in aghaidh Caesar, agus é ar aon leibhéal le Caesar mar ghinearál is mar straitéiseoir cogaidh. Chaith Caesar tréimhse fhada ag troid Vercingetorix, a bhris an cath air i nGergovia (in aice le Clermont-Ferrand an lae inniu). Sa deireadh thiar thall, fuair sé an ceann is fearr ar an taoiseach Gailleach in Alesia (Alise Sainte-Reine an lae inniu), áit ar thug Vercingetorix é féin suas do Caesar go pearsanta, le comha níos fearr a thabhú dá mhuintir. Deirtear gur chaith an taoiseach Gailleach a ghléas cogaidh le cosa Caesar, ach is féidir nach bhfuil i gceist ach teilgean cainte. Tugadh Vercingetorix go dtí an Róimh agus taispeánadh do mhuintir na cathrach é i mórshiúl caithréime Caesar, ach ansin, cuireadh chun báis é, nó bhí Caesar géarbharúlach gur namhaid dainséarach a bheadh ann i gcónaí, dá n-éireodh leis a éalú a dhéanamh as an mbraighdeánas.

Is follasach go raibh an-chaipiteal polaitiúil sa chaithréim seo, chomh maith le rachmas saolta, agus bhain Caesar an-leas as na heachtraí cogaidh agus é ag iarraidh cumhacht a bhaint amach sa bhaile.

[athraigh] An Cogadh Cathartha

Sa bhliain 53 r. Chr., maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. San am céanna, bhí buairt ag teacht ar Phompeius faoin dóigh a raibh Caesar ag éirí níos cumhachtaí in aghaidh an lae. Thosaigh Pompeius ag déanamh mórtachais leis na Seanadóirí a bhí in aghaidh Caesar. Bhí Caesar féin i ndeireadh na próchonsalachta, agus é fágtha gan tacaíocht pholaitiúil sa Róimh anois, ó nach raibh an Triúracht ann a thuilleadh. Bhí comhghuaillíocht Phompeius agus an tSeanaid ag éirí bagarthach air, agus an chuma ar an scéal go gcimeoidís é le teacht go dtí an Róimh dó. Mar sin, fuair sé riachtanach an chumhacht a ghabháil le lámh láidir. Choisc an Seanad air a chuid léigiún a thabhairt leis go dtí an Iodáil, ach nuair a bhain sé amach teorainn na hIodáile agus na Gaille, Abhainn Rubico, ar an deichiú lá d'Eanáir, 49 r.Chr., thug sé isteach cúig míle fear i ndiúnas ar an gcosc. Deirtear gurb ag an ócáid seo a chualathas na focail chlúiteacha - alea iacta est - á labhairt aige. Ós rud é go raibh an Ghréigis chomh líofa aige leis an Laidin, mar ba dual d'fhear léannta na Róimhe ag an am, is dócha gurb as Gréigis a dúirt sé iad - anerriphtho kybos. Nó is amhlaidh nach bhfuil ann ach athfhriotal nó tagairt do dhráma le Menandros, drámadóir Gréigeach.

Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus d'ealaigh cuid mhór de na Seanadóirí agus Pompeius go dtí an Ghréig roimhe.

Sa bhliain 48 r. Chr., bronnadh an Chonsalacht ar Caesar in athuair, agus chuaigh sé go dtí an Ghréig le cogadh a chur ar a chuid naimhde. Mhaidhm an cath ar Phompeius ag Pharsalos i dtuaisceart na Gréige, agus lorg sé dídean san Éigipt. Ní raibh Tolamaes a Trí Déag, rí na hÉigipte, sásta tearmann a thabhairt dó, áfach: dúnmharaíodh Pompeius ar orduithe an rí. Ag teacht sna sálaí ag Pompeius dó, shroich Caesar Alexandria, príomhchathair na hÉigipte, agus casadh deirfiúr an rí, Cleopatra, air. De réir nós na nÉigipteach, bhí Cleopatra pósta ar a deartháir, ach níor stop sin í ó ghrá a thabhairt do Caesar, ná Caesar ó fhreagra a thabhairt ar na mothúcháin seo. Más fíor féin gurbh é seo cumann grá na mílaoise, is iomaí trioblóid a tharraing sé. Rugadh mac di le Caesar, ar ar bhaist sí an t-ainm Caesarion, agus bhí Caesar sásta an atharthacht a admháil. Mar sin féin, níor fhág sé aon oidhreacht ag Caesarion ina thiomna. Ní rithfeadh leis riamh Cleopatra a phósadh, ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh dá bpósfadh. Thairis sin, bhí sé pósta ar Chalpurnia i gcónaí.

Ní raibh an cogadh cathartha críochnaithe go fóill, áfach. Nó bhí na seanadóirí ag troid Caesar i gcónaí, agus chuir sé cath orthu ag Thapsus i dtuaisceart na hAfraice ar an séú lá de Mhí Aibreáin, 46 r. Chr. Ghnóthaigh sé an cath in aghaidh Metellus Scipio agus Marcus Porcius Cato Óg, mac le Cato Mór. Ina dhiaidh sin, d'éirigh Cnaeus Óg agus Sextus, beirt mhac le Pompeius, amach ina aghaidh, ach d'éirigh le Caesar an cogadh seo - Cogadh na Spáinne - a bhuachan chomh maith. Tháinig deireadh leis i Mí na Márta den bhliain 45 r. Chr., nuair a bhris Caesar an cath ar mhic Pompeius ag Munda. Chuir Cnaeus lámh ina bhás féin i ndiaidh an chatha, ach tháinig an deartháir eile slán.

[athraigh] An Deachtóireacht

Ní raibh an deachtóireacht bainte amach ag Caesar go fóill, nuair a chrom sé ar leasuithe móra a chur i bhfeidhm ar reachtaíocht na Róimhe. Thug sé isteach roinnt mhaith dlíthe nua (Leges Iuliae), agus é fosta ag pleanáil dlíthe na Róimhe a chódú agus a chur in eagar le go mbeadh an reachtaíocht ag teacht le chéile ní b'fhearr. Thairis sin, bhí sé ag caint ar thriomú na bPortach Pointíneach, le fáil réitithe de na míoltóga maláireacha a bhí ag fluirsiú sna portaigh. Leasaigh sé an féilire freisin, nó is eisean an t-Iúil as a bhfuil Féilire Iúil ainmnithe.

Bhain Caesar amach cumhachtaí an deachtóra an chéad uair sa bhliain 46 r. Chr., i ndiaidh dó filleadh abhaile ón Éigipt. An uair sin, ní bhfuair sé an chéim suas seo ach go sealadach, agus é leis na cumhachtaí a chaitheamh de i gceann deich mbliana. Nuair a bhí sé i ndiaidh bua a bhreith ar chlann mhac Phompeius, áfach, rinne an Seanad dictator perpetuus nó buandeachtóir de. Bhí an deachtóireacht shealadach ag cur le bunreacht na Roimhe, nó bhí sé ceadaithe na cumhachtaí sin a thabhairt ar iasacht do ghinearál, mar shampla, ar feadh an chogaidh. Bhí Cincinnatus ar ceann de na siombailí ba tábhachtaí do shuáilcí an Rómhánaigh idéalaigh: fear simplí a ghlac le cumhachtaí an deachtóra leis an Róimh a tharrtháil agus a d'fhill ar a sheanobair i ndiaidh dó an dualgas a chomhlíonadh. Scéal eile ar fad ab ea é an buandeachtóir, nó chuir sé an phoblacht féin i mbaol, agus roinnt mhaith dhaoine ag éirí buartha faoi sin agus ag glacadh fuath is snomh le Caesar, mar fhorlámhaí is mar fhorghabhálaí cumhachta. Thosaigh lucht seo na míshástachta ag teacht le chéile ina gcomhcheilg, le dúnmharú Caesar a phleanáil.

Níl na staraithe ar aon tuairim inniu féin, ar theastaigh ó Caesar dháiríre rítheaghlach dá chuid féin a chur i gceannas ar an Róimh, nó deireadh a chur leis an bpoblacht Rómhánach. Bhí cumhachtaí an rí aige ceart go leor, ach tuigeadh dó nach bhféadfadh sé dul ag caint faoi ríocht na Róimhe go hoscailte. Le dearmad a dhéanamh den phonc ina raibh sé, chrom sé ar fheachtas nua cogaidh a phleanáil. An turas seo, bhí sé meáite ar na Pairtigh a ionsaí agus díoltas a agairt orthu as an dóigh ar mharaigh siad Crassus.

[athraigh] An Bás

Dúnmharaíodh Iúil Caesar ar an gcúigiú lá déag de Mhí na Márta (Idus Martiae, de réir fhéilire na Rómhánach) den bhliain 44 r. Chr. Bhí sé díreach tar éis teacht go dtí an Seanad agus a ghnáthshuíochán a ghlacadh, nuair a chonaic sé fir na comhcheilge ag nochtadh na miodóg ina thimpeall. Rinneadh sceanach uafásach de, agus gach aon duine de na comhchealgairí ag iarraidh a mhiodóg féin a shá isteach. Ba dhóbair dóibh go ngonfaidís a chéile go héag agus an cambús a thóg siad.

B'é Publius Servilius Casca an chéad duine a ghoin Caesar. Níor éirigh leis mórán dochair a dhéanamh, agus nuair a d'ardaigh sé an mhiodóg athuair, bhí Caesar in ann a lámh a stopadh agus an cheist a chur air: "Céard atá tú a dhéanamh, a Chasca, a bhithiúnaigh?" Ansin, scairt Casca as Gréigis: "Cuidigh liom, a dheartháir!" (Αδελφέ βοήθει!) Tháinig deartháir Chasca chun tarrthála agus sháigh sé a chlaíomh idir na heasnacha i Caesar. Sna sálaí aige, rinne Cassius a ionsaí féin faoi Caesar, agus d'fhág sé cneá mhór san aghaidh aige. Ansin a chuir Caesar sonrú i mBrutus i measc na murdaróirí, agus deirtear gur labhair sé as Gréigis le Brutus: "Tú féin, a ghasúir?" (Καὶ σὺ τέκνον). Is amhlaidh go raibh meas an chara agus an mhic altrama ag Caesar ar Bhrutus, siúd is go raibh an bheirt acu in achrann a chéile i gcúrsaí polaitíochta. Is é an dara leagan den scéal atá ann, áfach, ná nach raibh Caesar in ann mórán a rá faoin am seo, agus an fhuil ag rith gann air cheana.

Ní raibh Marcus Tullius Cicero, máistir na deisbhéalaí agus na reitrice, sáite sa chomhcheilg, ach mura raibh, chonaic sé an dúnmharú le súile a chinn féin, agus bhí sé an-sásta go raibh deireadh curtha leis an "tíorántacht". Bhí sé ar duine de na naimhde ba bhinbí a bhí ag Caesar i saol polaitíochta na Róimhe, agus níor cheil sé an rímhéad a bhí air i ndiaidh an dúnmharaithe.

[athraigh] An Oidhreacht

Níor críochnaíodh cogadh cathartha na Róimhe le dúnmharú Caesar, a mhalairt ar fad. Ar dtús, bhris Marcus Antonius (a bhí ina chomh-Chonsal ag Caesar sa bhliain 44 r. Chr.) agus garnia is mac uchtaithe Caesar, Octavianus (is é sin, an tImpire Ágastas) an cogadh ar lucht na comhcheilge. B'iad, in éineacht leis an nginearál Marcus Aemilius Lepidus, a tháinig le chéile sa Dara Triúracht.

Ina dhiaidh sin, chloígh Octavianus a chomh-Thriúraithe. Sa bhliain 31 r. Chr., bhí deireadh curtha leis an gcogadh cathartha aige, agus é féin iompaithe ina Impire. Mar sin féin, bhí sé ag iarraidh gan cuma na monarcachta a chur ar a chóras riaracháin. Bhíodh sé ag tagairt d'"athbhunú na Poblachta", agus b'é an téarma a bhí aige air féin ná princeps, is é sin, an chéad shaoránach. Go praiticiúil, áfach, bhí seisean, agus diabhal duine eile, go dian daingean i mbún na gcúrsaí sa Róimh. B'iad na Seanadóirí a bhronn an leasainm Augustus (Ágastas) - "urramach, mórga" - ar Octavianus, agus is mar Ágastas a choinníonn annálacha na staire cuimhne air.

Chomh luath le tús an dara triúracht, gaireadh dia d'Iúil Caesar - divus Iulius, Iúil Diaga. Sa bhliain 29 r. Chr., choisric Ágastas teampall d'Iúil Diaga ar an bhFóram Rómhánach. Ba nós le hÁgastas freisin "mac an duine dhiaga" a thabhairt air féin.

[athraigh] A Chuid Scríbhneoireachta

Bhreac Caesar síos scéal a chogaidh i seacht leabhar an tsaothair úd Commentarii de bello Gallico ("Ag trácht ar chogadh na Gaille"). Ós rud é go bhfuil an saothar seo scríofa i Laidin shimplí shoiléir, gan ruthaig na reitrice, is gnách é a úsáid mar lón léitheoireachta do na scoláirí agus iad díreach ag éirí chomh heolach ar an Laidin is gur féidir leo an chéad leabhar a léamh. Is iomaí scoláire Laidine a d'fhoghlaim an chéad chupla abairt sa leabhar seo de ghlanmheabhraíocht, ós rud é gurb iad na focail seo a d'oscail an geata go saol na Róimhe: Gallia est omnis divisa in partes tres, quarum unam incolunt Belgae, aliam Aquitani, tertiam qui ipsorum lingua Celtae nostra Galli appellantur - is é sin: "Tá tír na nGailleach roinnte ina trí chuid, agus na Beilgigh ag cur fúthu in aon chuid amháin, na hAcatánaigh i gcuid eile acu; an tríú cuid arís, tá siad siúd ina gcónaí ansin a thugann Ceiltigh orthu féin, agus is é an t-ainm atá againne orthu ná Gailligh."

Creidtear gurb iad riachtanaisí na bolscaireachta polaitiúla ba mhó a spreag Caesar chun pinn an uair sin. Iarracht a bhí ann lena chuid criticeoirí sa Seanad a chur ina dtost agus lena thaispeáint do mhuintir na Róimhe go raibh rud fónta curtha i gcrích aige ar an gcrág mhillteanach airgid a chosain an cogadh ar na Rómhánaigh.

Thairis sin, scríobh Caesar saothar beag, De bello civili, inar phléigh sé an chuid de chogadh cathartha na Róimhe a bhí feicthe aige féin. Má tháinig aon saothar eile óna pheann, níl a dhath ar bith fágtha de.

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com