Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Contae Mhaigh Eo - Vicipéid

Contae Mhaigh Eo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Contae Mhaigh Eo
Íomhá:ÉireMaighEo.png
Achar: 5,397 km²
Príomhbhaile: Caisleán an Bharraigh
Daonra: 123,648 (2006)
Cúige: Connachta

Clár ábhair

[athraigh] Cur i Láthair

Maigh EoContae Mhaigh Eo ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.

Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeán an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhlian. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Canónach Tomás Ó hOdhráin, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan. In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go rinne Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo chaite, ach tá lagar mór tagtha ag líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin tugtar Gaeltachtaí ar cheantair mór thimpeall Thuair Mhic Éide, cuid d'Acaill agus Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.

[athraigh] Tionscal

Tá an turasóireacht tábhachtach in iarthar agus i dtuaisceart an chontae. Tá iascach maith sna lochanna, ar nós Loch Measca, agus sna haibhneacha i gcontae Mhaigh Eo, mar go bhfuil an uisce glan, agus tá cáil idirnáisiúnta ar an Muaidhe dá bharr. Ní raibh mórán tionscail trom i Maigh Eo ar feadh na céadta blian. Bhí an ainm ar Mhaigh Eo le fada ar bheith bocht, agus is fíor go raibh an-chuid imirce ó Maigh Eo go dtí blianta beaga anuas. Deirtí faoi, "Muigh Eo, Dia 'ár sábháil". Tá an talamh garbh go maith in iarthar an chontae, agus théadh cuid mhaith spailpíní as Maigh Eo go feirmeacha torthúla sa chuid eile den tír, go Sasana agus go hAlbain.


[athraigh] Stair Mhaigh Eo

Tá cruthú ó thochailt i Machairí Chéide go bhfuil daoine ag cur fúthu sa chuid seo den tír leis na mílte blian. In aimsir Eilís I, ba fhoghlaí mara as Acla í Gráinne Uí MháilleGráinne Mhaol a raibh eagla agus omós ag Gael agus Gall di. Ag deireadh an 19ú Aois, bhí Mícheál Dáibhéad as an tSráid sa chontae ina cheannaire ar Chonradh na Talún, agus bhí an-aighneas idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún, mar gheall ar an gcruatan a bhí ar na gnáthdhaoine i rith ghortaí agus ina ndiaidh. Tháinig an Ginearál Humbert i dtír i gCill Ala sa bhlian 1798, le cuidiú leis an éirí amach, agus d'éirigh go maith leo ar dtús. Tugtar Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar ar éacht seo. Ar ndóigh tháinig arm Shasana i gceannas ar an éirí amach ar deireadh.


[athraigh] Bailte i gContae Mhaigh Eo

[athraigh] Áiteanna eile i gContae Mhaigh Eo

[athraigh] Naisc sheachtracha


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com