Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Contae an Chláir - Vicipéid

Contae an Chláir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Contae an Chláir
Íomhá:EireContaeAnChlair.png
Achar: 3,147 km²
Príomhbhaile: Inis
Daonra: 110,800 (2006)
Cúige: An Mhumhain

I dtuaisceart Chúige Mumhan atá an ClárContae an Chláir. Tá teorann aige le Contae na Gaillimhe ó thuaidh agus tá an tAigéan Atlantach ar an taobh thiar de. Tá Inbhear na Sionainne ar an dtaobh ó dheas, agus an tSionainn í féin agus Loch Dearg ar an taobh thoir.

Clár ábhair

[athraigh] Daoine

Is í Inis an t-aon bhaile mór atá sa chontae. Tá Aerfort na Sionna tuairim is 20 km siar uaidh. Tá an aerfort an-tábhachtach do mhuintir na háite agus d'iarthar na hÉireann ar fad, mar gur éasca do thurasóirí cuairt a thabhairt ar an taobh tíre sin dá bharr, agus d'imircigh ón iarthar cuairt a thabhairt abhaile. Tá eastát tionscail an-tábhachtach in aice lsie an Aerfort go maith, i mbaile na Sionnaine, baile nua a cruthaíodh timpeall dachad bliain ó shin.

Tá cáil ar an gcontae, leis, mar ionad don cheol traidisiúnta Gaelach. Gar do Inis atá an Tulach, agus is ann atá an grúpa ceoil cáiliúil "Banna Céilí na Tulaigh."

[athraigh] Tír

Tá tuaisceart an chontae clochach go maith, agus tugtar carst ar an sórt seo tíre, le leacacha móra d'aolchloch, pluaiseanna, agus blátha idir na craige nach bhfásann mórán sa chuid eile den tír. An Bhoireann a thugtar ar an gceantar sin, agus tá an sórt leagain amach chéanna, nach mór, in oileáin Árann atá thiar uaidh thar farraige.

Tá cáil ar aillte an Mhothair leis, mar gheall ar na radharcanna breátha amach ar chuan na Gaillimhe agus ar oileáin Árann uathu. Tá titim caol díreach síos uathu go farraige.

Tá roinnt talún mhaith i ndeisceart agus in oirthear an chontae ar bhruach na Sionna.

[athraigh] Bailte

Is baile measartha gnóthach í Inis le tamall de bhlianta, le mórán tráchta ó Aerfort na Sionainne agus turasóireacht go ginearálta. Is ann freisin, a thionóltar ceann de na Fleánna Ceoil is mó na tír. Tá tránna breátha i Leath Inse, i gCill Chaoi agus áiteanna eile. Tá cáil idirnáisiúnta ar Leath Inse, freisin, mar láthair gailf. Is áit mhór saoire, freisin, Lios Dúin Bhearna, agus bhain go leor de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre a gcáil amach ann. Is ann, freisin, a bhíonn féile 'chuile bhliain do bhaitsiléirí, timpeall an ama a bhíonn deireadh leis an bhfómhar. Feirmeoirí a thigeadh don chuid is mó uair, ach tagann go leor óg agus aosta anois.

[athraigh] Bailte/Paróistí i gContae an Chláir

  • Baile Uí Bheoláin
  • Boirinn
  • An Chreatlach
  • Cill an Dísirt
  • Cill Chaoi
  • Cill Dá Lú
  • Cill Rois
  • Cora Chaitlín
  • Cuinche
  • Droichead Abhann Uí gCearnaigh
  • Droichead an Chláir
  • Droichead Uí Bhriain
  • Dúlainn
  • Eighneagh
  • Inis
  • An Leacht
  • Lios Ceannúir
  • Lios Dúin Bhearna
  • Rinn na Spáinneach
  • Sionainn (baile)

[athraigh] Stair

Ón gcontae seo a tháinig Brian Bóirmhe, an ceannaire Gaelach a chloígh na Lochlannaigh i gCath Chluain Tarbh. B'as oirthear an Chláir Brian Mac Giolla Meidhre, údar Chuairt an Mheán Oíche, a thosaíonn le cur síos ar áit a bhí gar dá chroí, Loch Gréine. Ba sa chontae seo a tógadh Eamon de Valera, a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse, agus a bhí ina uachtarán agus ina Thaoiseach ar Éirinn.


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com