Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Kalevala - Vicipéid

Kalevala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Kalevala eipic náisiúnta na Fionlainne, a chuir Elias Lönnrot i dtoll le chéile sa naoú haois déag.

Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 1835, agus tháinig an leagan deifnideach i gcló sa bhliain 1849. Don dara leagan seo - Uusi Kalevala nó Kalevala nua - is gnách tagairt mar "Kalevala". Áirítear Kalevala ar ceann de na saothair is tábhachtaí i stair litríochta na Fionlainne, agus é ina spreagadh mór do mhúscailt an náisiúnachais san Fhionlainn sa naoú haois déag. Chuir sé cor i gcinniúint na Fionlainnise chomh maith, nó bhí an teanga ann bunaithe ar na canúintí Oirthearacha, agus an teanga liteartha a bhí á cleachtadh san am sin, bhí sí ag tarraingt ar thobar an Iarthair amháin.


[athraigh] Sliocht as Kalevala

(i nGaeilge Uladh)

An bhfuil a fhios agat, cad é ba chóir dúinn a dhéanamh?

An eol duit an rud is mian liom?

Sea, seanamhráin a chanadh in éineacht

agus ár gcuid laoithe a reic le chéile!

Ní mór dúinn seoda ár seanmhuintire a thaispeáint ar an tsean-nós.

Mothaím na focail ag tonnadh ar mo theanga

agus aithním na scéalta ag borradh thar mo bhéal,

ag teacht talcánta tréan mar a bheadh sruth uisce ann

agus ag titim fríd phoill mo chuid fiacal.

A dheartháir dhil agus a chompánaigh chaoimh,

an bheirt againn a d'fhás aníos le chéile,

tar liom go ndéana muid ár gcuid amhránaíochta,

agus ár dhá nguth á bhfí is á bhfuáil le chéile,

anois, i ndál chomhairle don bheirt againn, rud nach minic.

Nó is annamh agus is ró-annamh a chastar le chéile sinn

i gcríocha corracha cúil seo an Tuaiscirt.

Sín chugam do lámh, mar sin,

agus muid ag bualadh ár gcuid méar trasna a chéile

go mbeidh muid ag canadh na laoithe

agus más fada féin iad, beidh éileamh ar thuilleadh acu.

Beidh foghlaim inár gcuid amhrán

le nós a saoil a theagasc don mhuintir óga,

dófa siúd atá ag fás aníos inár measc

le go mbeidh bláth ar ghlúin óg ár mbunaidh.

Beidh na focail acu a fuair muid le hoidhríocht,

na hamhráin a dtáinig muid trasna orthu

faoi chrios an tsaoi udaí Väinämöinen,

faoi chasúr an tsaoir udaí Ilmarinen,

ar bharr an chlaímh a bhí Lemminkäinen a bheartú,

ar bharr na saighde a scaoil Joukahainen,

ar fud pháirceanna an Tuaiscirt

agus i dtír Kalevala féin.

An t-amhrán a chuala mé ó bhéal an tseanfhir

agus é ag saoirsiniú coise don tua,

an t-amhrán a chuala mé ó bhéal na máthara

agus í ag casadh an roithleáin,

nuair nach rabh ionamsa ach ruidín beag baoideach

ag déanamh mo lámhacáin trasna an urláir

agus má chonacthas féasóg thart ar mo bhéal

ní féasóg cheart a bhí ann ach smál bán bainne.

Chuala an saol iomrá ar Sampo

agus is iomaí ciall a baineadh as Louhi,

chuaigh Sampo in aois ag na scéalaithe

agus mhaslaigh Louhi í féin ag inse léithi,

b'í an vérsaíocht trúig bháis do Vipunen

más súgach an seort bás a fuair Lemminkäinen.

Scéalta de chineál eile atá agam:

scéalta iad a d'fhoghlaim mé,

scéalta a phioc mé suas ón díog,

scéalta a fuair mé amuigh ins an fhraoch,

scéalta a bhain mé as measc an chonnaidh,

scéalta a d'fhás eadar na plandaí ísle,

scéalta a fuair mé liom 'na bhaile

ó thuras buachailleachta fadó,

scéalta ó na túrtóga meala,

scéalta a d'inis an bhó dhubh domh,

scéalta a d'arsaigh an tarbh breac.

Scéalta a dhúisigh ionam le teacht an tseaca,

scéalta a thit orm mar chith fearthainne,

scéalta a séideadh anuas orm le gaoth na spéire,

scéalta a siabadh orm le tonnta na farraige,

scéalta a cheol na héanacha domh,

scéalta a shiosc an choill liom,

scéalta a luchtaigh mé ar mo charr sleamhnáin,

scéalta a thug mé liom chuig mo mhuintir,

agus an chuid acu nár thoill isteach ansin,

chuir mé faoi bhéillic iad

nó ins an chiste mhór copair.

Is fada ag fanúint lena seal iad

agus iad fágtha i leataoibh, mo chuid laoithe.

An mba mhiste iad a tharraingt anuas

agus a thabhairt chun solais,

an ciste a chur i lár an urláir

agus an taisce a fhoscal?

Tógfaidh mé amach ceann maith

agus leathfaidh mé amach an chuid eile acu

mar a bheifeá ag meilt seagail don arán

agus á chur ar coipeadh le haghaidh leanna.

Ach mura maith libh blas an bhídh

agus más leamh libh an léann féin

bíodh aige, más amhlaidh,

níl ach blas an uisce fágtha ansin

ins an scéal i ndiaidh lae fhada

ins an amhrán a chanadh istoíche

le ball bán an lae úir a fháiltiú.




Vicipéid
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com