Béal an Átha Buí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá cáil ar an áit seo i (Béal an Átha Buí) ndeisceart Ard Mhacha mar gurb ann a bhuaigh Aodh Ó Néill cath in aghaidh fhórsaí Shasana, a bhí faoi cheannas Harvey Bagenal i mí Lúnasa na bliana 1598.
Bhí sé ina chogadh idir taoisigh na nGael i gCúige Uladh agus rialtas Shasana le beagnach ceithr bliana nuair a rinne Bagenal iarracht ceancheathrú Uí Néill a ghabháil. Rinne Ó Néill luíochán cliste ar na Sasanaigh ag an Áth Buí agus bhí bua mór aige.
Mháirseáil Bagenal le timpeall ceithre mhíle saighdiúir ó Ard Mhacha agus bhí na Gaeil á chiapadh ón tús le piléir, sleánna agus gathanna. Mealladh na Sasanaigh isteach i gceantar ina raibh talamh bog agus crainn ar gach taobh, áit a bhí ullmhaithe don luíochán cheana féin ag Ó Néill. Chuaigh gunnaí móra na Sasanach in abar agus d'fhan cuid de na saighdiúirí siar chun iad a scaoileadh saor. Maraíodh Bagenal le piléar sa chloigeann, agus chuaigh marcshlua na nGael ar an ionsaí. Chúlaigh na Sasanaigh ar ais go hArd Mhacha, agus na Gaeil sa tóir orthu i rith an ama. Chaill siad leath dá gcuid fear, agus b'éigean dóibh Ard Mhacha féin a ghéilleadh tar éis trí lá de léigear.
Áirítear gur chaill na Sasanaigh idir 1500 agus 2000 sa chath agus gur maraíodh timpeall 200 d'arm Uí Néill. Ar feadh cúpla bliain bhí forlámhas ag Ó Néill ar Chúige Uladh agus ar chuid mhaith eile d'Éirinn, agus mhéadaigh an tacaíocht a fuair sé ó Ghaeil ar fud na tíre. Mhair an cogadh cúig bliana eile.
[athraigh] Féach freisin
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.