Ard Mhacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Ard Mhacha príomhchathair Chontae Ard Mhacha. Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche i 444AD agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair. Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ardrí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha.