Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Aodh Ó Néill - Vicipéid

Aodh Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rugadh Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, i 1540. Ba é an mac ab óige ag Maitiú Ó Néill, fear a rabhthas in amhras faoina dhlisteanacht, ach a bhí aitheanta mar mhac ag Conn Ó Néill, an chéad duine a ainmíodh mar Iarla Thír Eoghain ag Rialtas na Breataine. Maraíodh Maitiú agus na mic ba shine aige sa chogaíocht leanúnach a bhí idir Seán Ó Néill, agus a ghaolta. Rinneadh Barún Dhún Geanainn d'Aodh sa bhliain 1562. Bhí cuid mhaith dá óige caite aige i gCúirt Shasana mar ar fhoghlaim sé nósanna na ngall, agus ba chosúla le tiarna Sasanach é ná le taoiseach de chuid na nGael. Bhí an-mheas ar a intleacht ó thús, ach níor léir riamh go raibh tuairimí láidre creidimh aige.

Chabhraigh sé leis an dtiarna Essex tailte Chlann Aodha Buí a scrios i 1574, agus chuidigh sé le hIarla Urmhumhan tailte na nGearaltach a bhánú i 1580. Bhí suíochán tiarna aige i bParlaimint Perrot i 1585 agus bhí sé i bpáirt le Perrot sa bhfeachtas in aghaidh na nAlbanach i gCúige Uladh. Mar gheall ar a dhílseacht do rialtas Shasana rinneadh Iarla Thír Eoghain de agus ghlac sé seilbh ar na tailte uile a bhí ag a sheanathair. Ach bhí deacrachtaí aige le dlíthe Shasana a chur i bhfeidhm cé gur thug sé geallúintí go leor go raibh a dhícheall á dhéanamh aige.

[athraigh] Pósadh Achrannach

Rinne sé namhaid de Marshall Bagnal nuair a phós sé deirfiúr an fhir sin in ainneoin go raibh bean chéile aige cheana féin. Ag an am sin, 1594 bhí na tiarnaí Gaelacha eile i gCúige Uladh ag éirí amach in aghaidh Shasana - Ó Domhnaill, Mag Uidhir agus Mac Mathúna, agus chuaigh deartháir Aoidh i bpáirt leis na méirligh. Cuireadh i leith Uí Néill go raibh comhghuallaíocht bunaithe aige le Rí na Spáinne agus leis an bPápa agus go raibh teideal Gaelach, "Ó Néill" á úsáid aige. D'ordaigh a Bhanríon é a ghabháil ach d'éalaigh sé as Baile Átha Cliath go Tír Eoghain agus i 1595 d'éirigh sé amach go hoscailte in aghaidh na Sasanach. Bhí arm maith curtha le chéile le tamall aige, agus neart armlóin acu, agus ba cheannaire míleata an-éifeachtach é. Chloígh sé arm Sasanach ag Cluain Tiobraid, ach lean sé air ag maíomh go raibh sé dílis don Bhanríon agus go raibh síocháin uaidh. D'éiligh sé saoirse do Chaitlicigh Uladh, ach diúltaíodh dó agus thosaigh an chogaíocht arís i 1597. Rinne Bagnal ionradh ar Chúige Uladh le cúig mhíle fear ach bhuaigh Ó Néill an cath a troideadh ag Béal an Átha Buí.

[athraigh] Mountjoy agus Carew

Cuireadh ceannairí nua anonn as Sasana, an Tiarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin Cúige Mumhan a chur faoi chois. Mar sin, nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go Cionn tSáile, bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach. Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan agus bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.

[athraigh] Géilleadh agus Teitheadh

Ghéill Ó Néill faoi dheireadh nuair a gealladh pardún dó i 1603, ach mar gheall ar an ngéarleanúint chreidimh a lean ar aghaidh, bheartaigh sé féin agus na taoisigh eile a bhí fágtha imeacht leo thar sáile. Tugtar Teitheadh na nIarlaí ar a n-imeacht. Thug long Bhriotánach go calafort le Havre iad agus chuaigh Ó Néill as sin chun na Róimhe. Chuir an Pápa fáilte roimhe féin agus a theaghlach agus chuir sé faoi sa Róimh go dtí gur éag sé ann i 1616.

I dteangacha eile
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com