Seán Ó Néill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba thaoiseach Gaelach é Seán Ó Néill (c. 1529 - 1567), i gcúige Uladh. Thug na Sasanaigh Shane O'Neill air agus "Seán an Díomais" (an bhróid nó an mhórtais) a tugadh air go coitianta i measc na nGael. Bhí an litriú 'Seaghán' ar a ainm baiste lena linn féin, agus is léir ó fhuaim an ainm i mBéarla gur tugadh 'Séan' air in Ultaibh. Theastaigh uaidh i gcónaí a bheith i gceannas ar Thír Eoghain, talamh dúchais a chine, agus fiú ar Chúige Uladh, mar go raibh a shinsir ina ríthe, dar leis, ar an gcúige ó thús na staire. Bhí Seán in iomaíocht le daoine eile a mhaígh gurb iad féin oidhrí a athar, Conn Bacach, agus leis na Sasanaigh a raibh comharba eile roghnaithe acu.
Clár ábhair |
[athraigh] Faltanas Teaghlaigh
Thug na Sasanaigh teidil Shasanacha do thiarnaí Gaelacha chun iad a chur faoina smacht féin. Rinne siad Iarla Thír Eoghain de Chonn Bacach Ó Néill, agus de réir a ndlí ba chóir go dtiocfadh a chéad mhac i gcomharbacht air, rud nár réitigh le nósanna na nGael. Ba é Feardorcha an mac ba shine de chuid Choinn a bhí san am, ach chuaigh Séan chun cogaidh leis chun forlámhas a ghnóthú dó féin. Nuair a fuair Feardorcha bás ghlac na Sasanach chucu a mhac, Aodh Ó Néill, chun é a chosaint agus a ullmhú le bheith ina Iarla ar bhás Choinn.
D'éirigh le Seán gach duine a bhí ina choinne a mharú nó a chur faoi chois agus toghadh mar Ó Néill é, rud a bhí mídhleathach de réir dlí na Sasanach ach dlisteanach de réir dlí na nGael.
[athraigh] Caidreamh leis na Sasanaigh
Ba chúis imní do rialtas Shasana an ceangal dlúth a bhí idir chlanna Gael in Éirinn agus in Albain, agus rinne siad iarracht scoilt a chruthú eatarthu. Sheas Seán Ó Néill an fód le Mac Domhnaill Aontroma, a bhí muinteartha le Clann Mhic Dhomhnaill na hAlban nuair a rinne na Sasanaigh iarracht iad a chur faoi chois. Nuair a chonaic banríon Eilís I Shasana an chumhacht a bhí ag Ó Néill rinne sí iarracht síocháin a dhéanamh leis agus é a aithint mar Iarla Thír Eoghain. Bhí an oiread sin geallúintí maidir lena shábháilteacht féin de dhíth ar Ó Néill áfach go ndearna an Sasanaigh iarracht é a chur faoi smacht agus duine eile a chur ina áit mar Iarla.
Spreag na Sasanagh Taoiseach Thír Chonaill chun troda le Seán Ó Néill, ach ghabh Ó Néill Calbhach Ó Dónaill agus rinne príosúnach de ar feadh trí bliana. Rinne an Tiarna Sussex slad ar thaile Uí Néill ach ní ghéillfeadh Seán an Díomais. Le cabhair ó Iarla Chill Dara, col ceathar le Seán, thug Eilís cuireadh do Ó Néill teacht chun cainte léi i Sasana. Chuaigh sé anonn le cúpla taoiseach eile, agus buíon gallóglach leis mar gharda, agus ba léir do bhanríon Shasana a chumhacht. Thuig sí go bhféadfadh sé comhghuallaíocht a bhunú leis an Spáinn nó le naimhde Caitliceacha eile Shasana ar an Mhór-roinn, agus ghéill sí dá chuid éileamh. Aithníodh Seán Ó Néill mar Iarla Thír Eoghain agus mar "Ó Néill".
[athraigh] Cogadh i gCúige Uladh
A fhad is a bhí Seán gnaitheach i Londain rinne a thánaiste, Torlach Luineach iarracht ceannas a ghabháil ina áit, ach ní raibh moill ar Sheán deireadh a chur lena iarracht nuair a shroich sé an baile. In ainneoin iarrachtaí Sussex chuaigh Seán chun cogaidh le Ó Dónaill arís agus le clann Mhic Dhomhnaill le ceannas a fháil ar Chúige Uladh. Chuir Eilís cúpla feachtas mileata isteach sa chúige ina choinne ach ba bheag toradh a bhí ar a n-iarrachtaí.
B'eol do Sheán go raibh iarrachtaí déanta ag Sussex é a mharú le nimh, agus rinne sé a ghearán faoi sin. Thoiligh Eilís conradh a dhéanamh leis agus ghéill sí don chuid ba mhó dá chuid éileamh.
Chuaigh Ó Néill chun cogaidh le Mac Domhnaill anois, ag maíomh go raibh toil na banríona á comhlíonadh aige: na hAlbanaigh a ruaigeadh as Éirinn. Ba bheag an toradh a bhí ar an gcath a throid sé i gcoinne Shomhairle Buí in aice le Cúil Raithin i 1564, ach an bhliain dar gcionn rinne Seán ionradh ar Aontraim agus d'éirigh leis príosúnach a dhéanamh de Shomhairle Buí tar éis catha i mBaile an Chaistil.
Bhí Séan Ó Néill an-chumachtach ag an bpointe sin, agus eagla ar na Sasanaigh roimhe. Rinneadh socraithe lena chur faoi chois, ach d'éirigh le Ó Néill an Pháil a shlad, rinne sé suíochán le Mac Domhnaill, agus d'iarr ar Iarla Dheasmumhan cuidiú leis. Rinne na Sasanaigh ionradh ar Thír Chonaill áfach, agus chuir siad Calbhach ar ais i gcumhacht ansin.
[athraigh] Díomua agus Bás
Theastaigh ó Sheán Ó Néill conradh síochána a dhéanamh ansin, agus rinne sé iarracht cabhair ar fháil ón Fhrainc. Bhuaigh Ó Dónaill cath ina choinne ag Fearsaid Súilí in aice le Leitir Ceanainn agus scriosadh a arm. Theith Ó Néill go hAontroim. Thug sé a phríosúnach, Somhairle Buí, leis agus slua beag gallóglach. Ach pé rud a tharla bhris achrann amach agus maraíodh Seán ar an 2 Meitheamh 1567. Baineadh an cloigeann de agus seoladh go Baile Átha Cliath é mar bhronntanas síochána ó Mhac Domhnaill chuig an rialtas gallda.
[athraigh] A phearsanacht
I súile na Sasanach ba bhrúid gan bhéasa gan léann é Seán Ó Néill. Ba chinnte go raibh sé ina fhear crua, ina pholaiteoir glic agus ina throdaí den scoth. Chuir sé uaidh a chéad bhean, iníon le Séamus Mac Domhnaill, agus chaith sé go dona lena dara chéile, deirfiúr le Calbhach Ó Dónaill. Chéas sé Calbhach féin nuair a bhí sé ina phríosúnach aige, agus thug bean Chalbhaigh chun leapan leis: bhí scata páistí aige léi agus phós sé í 1565. Sháraigh sé na Sasanaigh i bpáirc an chatha agus i ndáil na Cúirte. Ba mhór an pléisiúr do na Sasanaigh é nuair a cuireadh chun báis é.
Tháinig Torlach Luineach i gcomharbacht air mar thaoiseach agus mar Iarla. Rinne a chlann mac iarracht ceannas a ghlacadh i dTír Eoghain ach níor éirigh leo.