Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Bíobla - Vicipéid

An Bíobla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tagann an focal Bíobla ón nGréigis (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", uimhir iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Is é atá sa Bhíobla ná briathar Dé de réir na Críostaíochta is an Ghiúdachais. Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Is conradh é an Tiomna nó beartas sollúnta slánaithe Dé a bunaíodh sa Sean-Reacht faoi Mhaois agus sa Nua-Reacht faoi [[Íosa Críost]]. Glacann na Giúdaigh leis an Sean-Reacht ach glacann na Críostaithe amháin leis an Nua-Reacht. Is í an Eabhrais teanga an tSean-Tiomna don chuid is mó ach scríobhadh sleachta i nDainéil agus in Eazrá in Aramais. Scríobhadh an Tiomna Nua i nGréigis.

Ní féidir liosta amháin a thabhairt de na leabhair sa tSean-Tiomna mar athraítear an liosta sin de réir na canóine. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.

Clár ábhair

[athraigh] An Sean-Tiomna

[athraigh] An Peintiteoch nó Torah do na Giúdaigh

  • Geineasas
  • Eaxodus
  • Léivític
  • Uimhreacha
  • Deotranaimí

[athraigh] Stair

  • Leabhar Iósua
  • Leabhar na mBreithiúna
  • Leabhar Rút
  • Céad Leabhar Shamúéil
  • Dara Leabhar Shamúéil
  • Céad Leabhar na gCroinicí
  • Dara Leabhar na gCroinicí
  • Leabhar Eazrá
  • Leabhar Nihimiá
  • Leabhar Thóibít
  • Leabhar Iúidit
  • Leabhar Eistir
  • Leabhar Iób
  • Leabhar na Salm
  • Leabhar na Seanfhocal
  • Cóheilit
  • Laoi na Laoithe
  • Leabhar na hEagna
  • Leabhar Shíorach

[athraigh] Na Fáithe (ceithre Mór-Fháithe agus dáréag Mion-Fháithe)

  • Íseáia (mór-Fháith)
  • Irimia (mór-Fháith)
  • Leabhar na nOlagón
  • Barúch
  • Eizicéil (mór-Fháith)
  • Dainéil (mór-Fháith)
  • Hóisé
  • Ióéil
  • Amós
  • Obaidiá
  • Ióna
  • Míocá
  • Nahúm
  • Habacúc
  • Zafainiá
  • Hagaí
  • Zacairia
  • Malaicí
  • Céad Leabhar na Macabaech
  • Dara Leabhar na Macabaech

[athraigh] An Tiomna Nua

[athraigh] Na Soiscéil

[athraigh] Stair

  • Gníomhartha na nAspal

[athraigh] Litreacha Phóil

  • Rómhánaigh
  • 1 Corantaigh
  • 2 Corantaigh
  • Galataigh
  • Eifisigh
  • Filipigh
  • Colosaigh
  • 1 Teasalónaigh
  • 2 Teasalónaigh
  • 1 Tiomóid
  • 2 Tiomóid
  • Títeas
  • Filéamón
  • Eabhraigh

[athraigh] Na litreacha caitliceacha

Is é is brí le caitliceach anseo ná gur scríobhadh na litreacha seo do gach aon duine seachas duine áirithe nó grúpa áirithe amháin.

  • Séamas
  • 1 Peadar
  • 2 Peadar
  • 1 Eoin
  • 2 Eoin
  • 3 Eoin
  • Iúd
  • Apacailipsis

[athraigh] Leabhair an Bhíobla

Tá difríochtaí idir leaganacha den Bhíobla lena nglacann na creidiúna difriúla - Eabhraigh, Caitlicigh, Eaglaisí an Oirthir agus na Protastúnaigh. Ní ghlacann an Giúdachas le cuid ar bith den Tiomna Nua. Ní ghlactar ach an oiread le Tóibít, Iúidit, Macabaeigh I agus II, Barúch, litreacha Irimia, Leabhar na hEagna, Ecclesiasticus (leabhar Shíorach) agus cuideanna de leabhar Eistir agus Dainéil. Cé go nglacann na heaglaisí Caitliceach is Protastúnacha leis an dTiomna Nua céanna, tá cuid leabhar ann sa tSean-Tiomna a ghlacann an Eaglais Chaitliceach amháin leo:

  • Eagna Sholaimh
  • Síorach
  • Iúidit
  • Tóibít
  • Barúch
  • Litreacha Shéamais
  • Peadar I agus II
  • Iúd
  • Eoin I, II agus III

[athraigh] Stair

Ní raibh aon leabhar naofa oifigiúil ag na Giúdaigh roimh an Deoraíocht (587 - 537 R.Ch.). Bhí leabhair, doiciméid, cáipéisí, téacsanna liotúirgeacha agus a leithéid eile acu. Tar éis na Deoraíochta bheartaigh siad ar a raibh fágtha dá n-oidhreacht a bhailiú is a chaomhnú. Lean an cnuasach seo na céadta bliain. Le himeacht aimsire fógraíodh ranna áirithe go hoifigiúil ina scrioptúir nó doiciméid a bheadh ina riail chreidimh le h-úsáid sa tsionagóg. Déaradh gur glacadh leo sna Canóin. Bhí dhá chanóin nó riail ann, ceann Eabhrach agus ceann Gréagach. Is féidir cumadh na Canóine Eabhraigh a roinnt i dtrí chéim: an Dlí thart ar 444 R.Ch., na Fáithe timpeall na bliana 200 R.Ch. agus na Scríbhinní le linn Íosa Chríost. Faoi am na Scríbhinní bhí dhá leagan den Chanóin ann sa domhan Gréagach-Eabhrach timpeall Chathair Alastair. Ghlac an Eaglais Chaitliceach leis an gCanóin Ghréagach agus tá níos mó leabhair ann ná sa Bhíobla Protastúnach mar glacadh leis an gCanóin Eabhrach sna hEaglaisí Phrotastúnacha. Chríochnaigh Martin Liútar aistriúchán den Bhíobla go Gearmáinis i 1534. Ghlac Comhairle Thrionta na hEaglaise Caitlicigh i 1546 le 45 leabhar sa tSean-Tiomna agus 27 leabhar sa Tiomna Nua. Glacann bunús na n-eaglaisí Protastúnacha a labhraíonn Béarla leis an leagan den Bhíobla ar a dtugtar Leagan Rí Shéamais, a foilsíodh i 1611.

I dteangacha eile
Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com