Web - Amazon

We provide Linux to the World


We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Amhrán na bhFiann - Vicipéid

Amhrán na bhFiann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Amhrán na bhFiann amhrán náisiúnta na hÉireann. Scríobh Peadar Ó Céarnaigh na liricí, agus chum Patrick Heaney an port. Ba i mBéarla a scríobhadh an liric ar dtús, ach is é an leagan Gaeilge is gnách a chloisteáil inniu. Ní chantar ach an curfá de ghnáth agus is ar éigean go bhfuil an chuid eile den amhrán ar eolas ag duine ar bith. Tá blas láidir Ghaeilge na Mumhan ar na líricí, agus is minic nach féidir an fonn a choinneáil ach an t-amhrán a chanadh sa chanúint seo. Mar shampla, nuair a chantar ar ardaibh sléibhe, is gá an -bh- san fhocal sléibhe a bhá go hiomlán, mar a dhéantar leis an -bh-/-mh- i nGaeilge na Mumhan ar lorg an ghuta fhada.

[athraigh] Liricí

Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh,
Cathréimeach bríomhar ceolmhar,
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló
Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol:
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.
  • duan dán
  • Óglách: Is athfhoirm fhileata den fhocal Óglach é Óglách. Úsáidtear an fhoirm sin anseo ar dhá chúis: 1) ní mór -á- fada a bheith ann le rím a choinneáil leis an bhfocal táid, agus 2) ní mór an bhéim a chur ar an dara siolla, ar mhaithe leis an meadracht.
  • tíocht in áit "teacht", leis an rím a choinneáil le sinn
  • canaídh: is mar "canaig" nó "canaíg" a fhuaimnítear é, mar is gnách i gCúige Mumhan
(Curfá:)
Sinne Fianna (nó: Laochra) Fáil atá fé gheall ag Éirinn,
buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn,
Fé mhóid bheith saor, seantír ár sinsear feasta
Ní fhágfar fén tíorán ná fén tráill.
Anocht a théam sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil
Le gunnascréach, fé lámhach na bpiléar
Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.
  • : fuaimniú Muimhneach an réamhfhocail úd faoi
  • do ráinig: is minic a chantar a tháinig anseo inniu, nó is iomaí Gaeilgeoir nach dtuigeann an focal "ráinig". Briathar uireasach é "ráinig" (nó "do ráinig" i gCúige Mumhan) a chiallaíonn "shroich" nó "tharla", agus is ar éigean a úsáidtear in aon fhoirm eile seachas aimsir chaite. Cuid de sheanchaint na Mumhan is ea é an briathar "ráinig", agus d'fheicfeá sa litríocht Bhlascaodach é.
  • a théam: "téimis" an chiall atá leis an bhfoirm sa choimhthéacs seo, ar ndóigh. An fhoirm a úsáidtear anseo, áfach, is é modh foshuiteach na haimsire láithrí é. Sa mhodh seo, úsáidtear tamhan na haimsire láithrí, ach tagann na hiarmhíreanna ón aimsir fháistineach, ach amháin go bhfágtar -f-, -ó-, nó -eo- na haimsire fáistiní ar lár. An iarmhír sin -am, níl sí beo inniu ach i nGaeilge na Mumhan, cf. ragham (Gaeilge na Mumhan) in áit rachaidh muidrachaimid an Chaighdeáin.
  • fé lámhach na bpiléar: cuir an bhéim ar an -é- san fhocal piléar.
Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe,
Ba bhuadhach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin
Tá thuas sa ghaoth go seolta
Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh
Gan iompáil siar ó imirt áir,
'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.
  • buadhach: is minic a fheictear "buachach" anseo i gcóipeanna doiléire nó mílitrithe den téacs, ach is léir gur buadhach, leagan seanlitrithe den aidiacht buach atá ann.
  • iompáil: leagan Muimhneach den iompú (nó iompó, mar a déarfadh an tUltach). Tháinig "iompáil" díreach ón gcanúint a chleacht Peadar Ua Laoghaire ina úrscéal "Séadna".
  • námhad: caithfidh tú an -mh- a bhá go hiomlán ar lorg an -a- fhada,. mar a dhéantar i gcanúint na Mumhan: i gcoinne ná'd.
--Curfá
A bhuíon nách fann d'fhuil Ghaeil is Gall,
Sin breacadh lae na saoirse,
Ta sceimhle 's scanradh i gcroíthe námhad,
Roimh ranna laochra ár dtire.
Ár dtinte is tréith gan spréach anois,
Sin luisne ghlé san spéir anoir,
'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.
  • bíobha: namhaid
  • agaibh: béim ar an dara siolla, mar a dhéantar i gCúige Mumhan
--Curfá

[athraigh] Féach freisin ar

Our "Network":

Project Gutenberg
https://gutenberg.classicistranieri.com

Encyclopaedia Britannica 1911
https://encyclopaediabritannica.classicistranieri.com

Librivox Audiobooks
https://librivox.classicistranieri.com

Linux Distributions
https://old.classicistranieri.com

Magnatune (MP3 Music)
https://magnatune.classicistranieri.com

Static Wikipedia (June 2008)
https://wikipedia.classicistranieri.com

Static Wikipedia (March 2008)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com/mar2008/

Static Wikipedia (2007)
https://wikipedia2007.classicistranieri.com

Static Wikipedia (2006)
https://wikipedia2006.classicistranieri.com

Liber Liber
https://liberliber.classicistranieri.com

ZIM Files for Kiwix
https://zim.classicistranieri.com


Other Websites:

Bach - Goldberg Variations
https://www.goldbergvariations.org

Lazarillo de Tormes
https://www.lazarillodetormes.org

Madame Bovary
https://www.madamebovary.org

Il Fu Mattia Pascal
https://www.mattiapascal.it

The Voice in the Desert
https://www.thevoiceinthedesert.org

Confessione d'un amore fascista
https://www.amorefascista.it

Malinverno
https://www.malinverno.org

Debito formativo
https://www.debitoformativo.it

Adina Spire
https://www.adinaspire.com