Vicipéid:Polasaithe agus treoirlínte
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eolaí do Stór Polasaithe an Vicipéid
Tionscadal chomhoibrithe is ea an Vicipéid, agus tá an aidhm chéanna ag a mbunaitheoirí agus a scríbhneoirí:
- Is é atá ar intinn againn ag an Vicipéid ná ciclipéid saor a chruthú--chomh maith le sin, an chiclipéid is mó i stair, ó thaobh éagsúlacht agus doimhneacht de. Teastaíonn uainn freisin go bhfeicfeadh daoine an Vicipéid mar fhoinse údarásach.
Tá roinnt polasaithe agus treoirlínte ag an Vicipéid, glactha ag daoine i gcoitinne agus tá súil ag bunaitheoirí agus a scríbhneoirí go bhfuil siad tábhachtach, nó fiú amháin riachtanach. Cabhraíonn iad seo linn agus muid ag obair de réir ár n-aidhm. Ní mór le rá go bhfuil roinnt polasaithe fós ag athrú, de réir athruithe agus forás na Vicipéide í féin. Tá roinnt eile áfach, a bhfuil socraithe faoi láthair; ní chonspóideach iad anois don sean-phobal anseo.
[athraigh] Polasaithe glactha i gcoitinne
- Ná bí claonta. Ba chóir altanna a scríobh ó dhearcadh neodrach. Cíallaíonn sé sin gur gá altanna a scríobh le cur síos cothrom agus tuisceanach ar dhearcaidh difiriúla.
- Ná bris cóipcheart. Is ciclipéid saor í an Vicipéid, ceadúnaithe faoi théarmaí an GNU Free Documentation License. Nuair a scríobhtar altanna a bhriseann cóipcheart, cuireann sé isteach ar ár n-aidhm ciclipéid saor a dháileadh ar chách, agus cruthnaíonn sé fadhbanna dlíthiúla freisin. Féach ar Vicipéid cóipcheart le haghaidh tuilleadh eolais.
- Is ciclipéid í an Vicipéid. Den chuid is mó ba chóir an suíomh a úsáid le haghaidh forbairt na ciclipéide. Go háirithe, úsáid na leathanaigh cainte chun altanna a dheisiú. Féach ar Vicipéid:Ní Vicipéid iad seo.
- Meas ar dhaoine eile Tagann scríbhneoirí an Vicipéid ó mhórán tíortha agus cultúir éagsúla, agus dearcaidh an-difiriúla acu. Caithfidh meas a bheith ag daoine ar dhaoine eile chun comhoibriú ar chiclipéid go héifeachtach. Maidir le treoirlínte, féach ar Vicipéid:Dea-bhéasa agus Vicipéid:Réiteach Argóintí.
- Lean na coinbhinsiúin. Agus muid ag leanúint na gcoinbhinsiúin seo is féidir linn ciclipéid chomhsheasmhach úsáideach a chruthú:
- Eagarpholasaí (Conas alt a chur in eagar)
- Coinbhinsiúin Ainmneacha (Conas a roghnaíonn tú teideal don alt)
- Soiléiriú (Teidil contrártha a réireach)
- Polasaí faoi úsáid íomhánna (Ag láimhseáil uaslódanna)
- Polasaí scriosú (Cathain agus conas leathanach a scrios)
- Polasaí cosainte (Cathain agus conas leathanach a chosaint)
Maidir le polasaithe ar gnéithe teoranta, féach ar Riarthóirí.
Le haghaidh nodanna úsaideacha eile, féach ar Gan na botúin is coitianta a dhéanamh.
[athraigh] Conas a chuirtear na polasaithe seo i bhfeidhm
Tá tusa i do eagarthóir ag an Vicipéid. Níl príomheagarthóir ná córas lárnach ón mbarr anuas ag an Vicipéid, chun faire agus formheas a dhéanamh ar na hathruithe difriúla ó lá go lá. Ina ionad sin, bíonn rannphairtithe ag faire ar Athruithe deireanacha; ag athscríobh agus ag ceartú aon fhadhb a fheiceann siad leis an ábhar nó an leagan. Mar sin, is scríbhneoirí agus eagarthóirí chomh maith iad na Vicipéideoirí.
I gcásanna eisceachtúla nó diana, ghníomhaigh Jimbo Wales chun cosc a chur ar úsáideoirí a bhí thar a bheith drochbhéasach. I dtosach 2004, thosaigh an grúpa Coiste Argóintí ar an bpost seo, mar mhodh Réiteach Argóintí. Tá roinnt polasaithe áfach, atá fógartha ag Jimbo mar pholasaithe oifigiúla don Vicipéid; féach ar (as Béarla) an phost Wikien-l seo agus User:Jimbo Wales/Statement of principles.