Oileán Mhuirís
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tháinig taiscéalaithe na Portaingéile ar an oileán seo i 1505, agus bhí ceannas ag na hOllanaigh, na Francaigh agus na Sasanaigh air faoi seach go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1968. Tír dhaonlathach atá ag brath ar thurasóireacht agus ar shiúcra. Tá sé suite soir ó chosta na hAfraice, ag 20 céim ó dheas, agus ar dhomhanfhad 57 soir.
Achar: 2,040 ciliméadar cearnach. Aeráid thropaiceach, gan d'acmhainní nádúrtha tír ach talamh curaíochta agus iascach.
Daonra (meastúchán 2005) 1,230,602
Is de shliocht Indiach formhór an daonra, le beagán Francach chomh maith. Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil ach is Criól a labhraíonn timpeall 80% de na daoine.