Cócaireacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an chócaireacht an tathrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin le gual, le gás nó le leictreachas. Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil, bácáil, beiriú, friochadh domhain, mallbheiriú nó scalladh a dhéanamh ar an mbia. Déantar ullmhú ar bhianna freisin le galú, deatú no crochadh ar feadh scaithimh, cé nach dtugtar cócaireacht de ghnáth ar an dá mhodh dheireanach.
Go ginearálta, déantar cócaireacht i gcónaí ar fheoil, iasc agus uibheacha, le heisceachtaí tábhachtacha, go háirithe iasc i gcócaireacht na Seapáine, agus deatú agus crochadh le hispíní áirithe agus le hiasc.