Alan Turing
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba mhatamaiticeoir, eolaí, ríomheolaí agus fealsamh é Alan Mathison Turing (23 Meitheamh 1912 - 7 Meitheamh 1954). Is ceann de bhunaitheoirí an ríomheolaíochta é. Tá aithne ar Turing mar athair na ríomheolaíochta nua-aoisigh. D'oibrigh sé ar an tionscnamh i mBletchley Park i rith an Dara Cogadh Domhanda chun cód na nGearmánach, Enigma, a bhriseadh.
Tar éis an chogaidh, chaith sé seal ag obair sa National Physical Laboratory, ag cruthú ceann de na chéad dearaí do ríomhaire le ríomhchlár stóráilte, cé nár tógadh é riamh. I 1947 bhog sé go hOllscoil Mhanchain, ag obair don chuid is mó ar bhogearraí, ar an Manchester Mark I, a bhí ag teacht chun cinn ag an am mar cheann de na fíor-ríomhairí ba luaithe.
Fuair sé bás i 1954. D'fhógair an coiste cróinéara go bhfuair sé bás tar éis úll a bhí clúdaithe leis an nimh ciainíd a ithe.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.